den Aire Oideachais cén freagra atá ar intinn aici a thabhairt ar iarratas atá curtha isteach chuig an Roinn chun scoil dara leibhéal a bhunú i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24.
Written Answers. - Scoil Dara Leibhéal i dTamhlacht (Baile Átha Cliath).
Tá Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath tar éis iarratas a chur chuig mo Roinn-se ag moladh go mbunófaí scoil lán-Ghaelach den dara leibheál i dTamhlacht.
Faoi láthair freastalaíonn iar-daltaí na mbunscoileanna lán-Ghaelacha i dTamhlacht — ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge — ar Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin.
Glacann an Coiste Gairmoideachais leis go bhfuil a dothain áiteanna ar fáil i gColáiste Chillian ag an am seo. Is é tuairim an Choiste, áfach, nach mbeidh an scoil i gCluain Dolcáin ábalta an t-éileamh i gcomhair áiteanna Ó pháistí as Tamhlacht a shásamh amach anseo.
Tá mo Roinn-se, mar sin, ag scrúdú an scéil féachaint an bhfuil gá le scoil nua lán-Ghaelach i dTamhlacht. Go dtí go mbeidh an scrúdú sin críochnaithe ní féidir liom a rá céard é an bhreith a bhéas agam ar an iarratas.