Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1988

Vol. 379 No. 10

Written Answers. - Scoil Náisiúnta i gContae na Gaillimhe.

66. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard é an teanga teagaisc i scoil náisiúnta Shraith Salach, Contae na Gaillimhe; agus cén codán de na gasúir sa scoil a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

De réir na faisnéise ag mo Roinn, is é an Béarla gnáth-theanga teagaisc na scoile. Tuigtear dom go gcónaíonn na daltaí sa Ghaeltacht is sa Ghalltacht araon ach níl aon fhaisnéis agam faoin roinnt idir an dá limistéir.

Top
Share