Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 May 1988

Vol. 380 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas do Labhairt na Gaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéad teaghlaigh ar dhiúltaigh oifigigh a Roinne an deontas £10 as labhairt na Gaeilge a íoc leo; ar íocadh an deontas leo ina dhiaidh sin ar ordú an Aire nó an Aire Stáit atá freagrach as an Roinn; agus cérbh iad na ceantracha Gaeltachta ina bhfuil cónaí ar na teaghlaigh seo.

Ní heol dom go raibh aon chás mar sin i mo Roinnse.

An bhfuil sé intuigthe ón bhfreagra atá tugtha ag an Aire Stáit nár diúltaíodh aon deontas dheich bpunt agus nár tugadh aon deontas dheich bpunt tar éis athbhreithniú an Aire Stáit?

Tharla sé uaireanta, ach ní tharlaíonn sé ró-mhinic go mbíonn daoine a iarann athscrúdú. Ní bhíonn siad sásta leis an toradh sa chéad chás, agus cuireann an Roinn oifigeach eile amach le scrúdú a dhéanamh ar an dalta sa chás sin. Ach is iad oifigigh na Roinne a dhéanann an cinneadh i gcónaí. Níor tharla sé riamh, i mo Roinnse, go ndearna an tAire cinneadh i gcás an scrúdaithe seo.

Top
Share