Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 May 1988

Vol. 380 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse don Ghaeltacht.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uair a shocrófar cén chaoi a chaithfear an t-airgead a cuireadh ar fáil ón gCrannchur Náisiúnta, le scéim teilifíse píolóta trí Ghaeilge a bhunú; agus an bhfuil fhios aige go n-éilíonn grúpaí sna Gaeltachtaí gur Teilifís Ghaeltachta ba cheart a bhunú.

Tá an bealach ina gcaithfear an t-airgead sin á mheas fós agus nuair a bheidh na moltaí éagsúla atá faighte scrúdaithe go mion déanfar cinneadh críochnaitheach.

An féidir liom a fhiafraí den Aire Stáit cén uair go dearfa a bheas an scrúdú críochnaithe agus foilsithe?

Mar a dúirt mé anseo cheana, táimid ag plé le daoine a bhfuil eolas acu ar na cúrsaí seo, agus nuair a bheas an rud scrúdaithe go mion déanfar cinneadh. Ach nílimid réidh go fóill leis na tuairiscí atá á bhfáil ó dhaoine éagsúla atá ag plé na gcúrsaí seo.

An féidir liom ceist amháin eile a chur ar an Aire Stáit faoi na rudaí seo? An scéim theilifíse trí Ghaeilge atá i gceist, nó scéim theilifíse bunaithe ar phrionsabail theilifís Ghaeltachta? Is é sin, an mbeidh seansanna ag na grúpaí ó na Gaeltachtaí féin moltaí a chur ar aghaidh bunaithe ar bhunphrionsabail teilifíse phobail, seachas, b'fhéidir, teilifís Ghaeilge? An dtuigeann an tAire an cheist atá á cur agam?

Sílim go dtuigim an rud atá i gceist ag an Teachta. Sin na rudaí ar fad atá á meas i láthair na huaire. Ach i ndeireadh an lae, cibé cinneadh a thiocfas, beimid ag súil go mbeidh bonn Gaeltachta aige agus go mbeidh an cur isteach is mó le fáil ón Ghaeltacht féin, cibé leagan amach a bheas air. Sin an rud atá ann.

An mbeidh seans ag na dreamanna atá lonnaithe taobh istigh de na Gaeltachtaí féin moltaí a chur ar aghaidh nuair atá bunstruchtúir na scéime píolóta seo a ceapadh?

Bhuail mé le cuid de na daoine seo agus tá a dtuairimí á meas. Ach sílim go mba cheart do dtuigfeadh an Teachta, nuair a cuireadh an moladh seo ar aghaidh ar dtús gurb é a bhí i gceist go mbeadh bonn Gaeltachta ag an teilifís agus gurb iad muintir na Gaeltachta a gheobhadh tús áite i gcláracha agua mar sin de.

Mar is eol don Aire Stáit, tá scéim chraolachán teilifíse á beartú ag an Rialtas a nglaotar MMDS air, agus an bhféadfadh sé a insint an bhfuil scrúdú déanta ar an scéim seo chomh fada agus a bhaineann sé le teilifís Ghaeilge nó teilifís na Gaeltachta? An bhféadfaí úsáid a bhaint as faoi choinne an tseirbhís a chur ar fáil nó an bhfuil sé faoi scrúdú i láthair na huaire?

Tá cuid mhaith teicneolaíochta úr ag baint leis na cúrsaí seo ar fad, agus thiocfadh sé sin faoin Roinn Cumarsáide nó faoi Roinn na Gaeltachta. Ach is dócha go gcuirfear na rudaí seo ar fad san áireamh sula ndéan far cinneadh iomlán ar theilifís Ghaeltachta a chur ar fáil

Top
Share