Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 May 1988

Vol. 380 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaeilge sna Gaeltachtaí.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard é an dualgas atá ar Údarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna Gaeltachtaí; cé mhéad saineolaithe ar chúrsaí socheolaíochta/teanga atá fostaithe ag an Údarás leis an dualgas seo a chomhlíonadh; cé mhéad airgid a thug an Státchiste go speisialta don Údarás i mbliana leis an dualgas áirithe sin a chomhlíonadh; agus an bhfuil sé sásta leis na socruithe airgeadaithe sin.

Tá dualgas Údarás na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge leagtha síos in alt 8(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Seo a leanas an fhoráil san alt sin:

Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.

Bíonn baint ag gach comhalta d'fhoireann an Údaráis le cur chun cinn na Gaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Den fhoireann a bhíonn ag plé go díreach leis an gceist, tuigim ón Údarás nach bhfuil aon duine le cáilíocht ghairmiúil socheolaíochta/teanga ach go bhfuil an saineolas agus an taithí is gá acu don obair.

Is as an airgead reatha a bhíonn ar fáil don Údarás (idir deontas-i-gcabhair ón Stát agus teacht isteach ó fhoinsí eile) a dhéantar airgeadú ar imeachtaí na heagraíochta ar mhaithe leis an nGaeilge. Ní thugann an Státchiste soláthar ar leith don Údarás don ghnó sin. Is ceist don Údarás féin cinneadh a déanamh faoin tsuim airgid atá ar a chumas a chaitheamh go díreach ar chur chun cinn na teanga. Is ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a chuirtear iomlán an airgead Stáit ar fáil don Údarás agus ní fheicimse gur gá na socruithe atá ann faoi láthair a athrú.

An bhfuil sé intuigthe on bhfreagra atá tugtha don Teach ag an Aire Stáit go n-admhaíonn sé go bhfuil an dualgas foirmiúil ann taobh istigh den Acht ach ag an am céanna nach bhfuil aon saineolaí fostaithe faoi láthair chun an dualgas sin a chomhlíonadh?

Sin an rud a dúirt mé, nach bhfuil aon duine le saineolas ar leith tofa, ach san am céanna tá an tÚdarás ag plé le daoine a bhfuil Gaeilge ar eolas acu cheana sna Gaeltachtaí. Agus, ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de, in amanna, sna monarchana, le lucht bainistíochta agus rudaí mar sin, bíonn deacrachtaí ansin, agus féachann siad le cuidiú leis na daoine sin i gcúrsaí bainistíochta agus mar sin de. Tá ceathrar a bhíonn ag plé go lánaimseartha le ceist na Gaeilge agus beirt pháirtaimseartha, agus iadsan a bhíonn ag plé le hoiliúint.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil tuarascála ann cheana féin a ghlacann leis an tábhacht atá ag baint le, mar shampla, snaidhmeadh a dhéanamh idir na strainséirí atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht, go háirithe bainisteoirí agus mar sin de, agus gnáthphobal na Gaeltachta? Agus go bhfuil siadsan i gcló agus gur ghlac na tuarascála sin go raibh gá le saineolaithe i leith na toscaí socheolaíochta, thar aon rud eile, chun freastal ar na deacrachtaí sin ó thaobh leas an phobail, leas na monarchana agus leas mhuintir na Gaeltachta?

Bíonn deacrachtaí i dtús ama le lucht bainistíochta, ach ó tháinig cúrsaí oideachais chun cinn sa tír tá go leor de mhuintir na Gaeltachta atá anois in ann an t-eolas a fháil iad féin, agus cuirtear amach iad go dtí na tíortha éagsúla le fios a fháil ar bhainistíocht agus le fios a fháil faoin ngnó faoi leith atá ag teacht chuig an nGaeltacht, agus i láthair na huaire is beag strainséirí atá in mbun na monarchana sna Gaeltachtaí, is maith liom a rá. Is iad muintir na Gaeltachta is mó atá i gceannas, agus níl an deacracht sin ó thaobh bainistíochta anois maidir le cúrsaí.

An nglacann an tAire Stáit leis go bhfuil deacrachtaí eile nár luaigh sé ann, is é sin, daoine a tháinig ar ais go dtí an Ghaeltacht agus nach raibh Gaeilge ag na daoine óga, na páistí, agus gur glacadh leis go ginearálta, ní amháin ag Udarás na Gaeltachta ach ag Ranna Stáit eile freisin go raibh riachtanais speisialta acusan? Agus go bhfuil gá le saineolaí agus nach bhfuil an t-airgead ar fáil do Údarás na Gaeltachta an tseirbhís a chur ar fáil? Nach bhfuil sin fíor?

Ó thaobh obair sna monarchana féin de, ní thagann an cheist sin ar aghaidh chomh mór agus atá luaite ag an Teachta. Tuigim go bhfuil na deacrachtaí sin ann ó thaobh oideachais, go mbíonn deacrachtaí ag na páistí nuair a théann siad chuig scoil Ghaeltachta. Tá sé sin tugtha faoi chúram na Roinne féin, agus nuair a bhíonn deontais, cuirimís i gcás deontais tithíochta, á n-iarraidh ag daoine, tugtar deis dóibh, tugtar trí bliana dóibh le feabhas a chur lena gcuid Gaeilge sa chaoi go mbeadh siad i dteideal na deontais sin a fháil. Sílim go bhfuil an Teachta ag caint faoi chúrsaí oideachais sna Gaeltachtaí féin agus nach mbaineann an rud atá á rá aige le cúrsaí sna monarchana ná cúrsaí faoin Údarás.

Top
Share