Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 May 1988

Vol. 380 No. 7

Written Answers. - Mná Tí na Gaeltachta.

42. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéad foirmeacha iarratais a fuarthas go fóill ó mhná tí sna Gaeltachtaí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí na gColáistí Samhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Cuireadh na foirmeacha iarratais i gceist chuig na mná tí ar 12 Feabhra 1988. Tar éis síneadh ama áirithe a thabhairt dóibh ag tús Mí Aibreán, tá 414 foirmeacha iarratais comhlánaithe faighte sa Roinn go dáta. Fuair thart ar 630 bean tí deontais faoi scéim na bhfoghlaimeóirí Gaeilge anuraidh.

Top
Share