Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1988

Vol. 380 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann a dhualgais a chomhlíonadh i mbliana leis an méid airgid atá tugtha dóibh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Suim £11.504 milliún ar fad (idir chaipiteal, dheontas-i-gcabhair do chaiteachas reatha ó Vóta Roinn na Gaeltachta agus suim le haghaidh méaduithe pá ó Vóta 46) a bheidh ar fáil ón Stát d'Údarás na Gaeltachta i 1988 le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is suim shuntasach airgid ésin ag féachaint do ghéarchéim airgeadais an StátChiste agus, nuair a chuirtear an teacht isteach a fhaigheann an tÚdarás ó fhoinsí eile leis an soláthar ón Stát, táim sásta — ach an t-airgead a chaitheamh go stuama agus go tíosach — go dtig leis an eagraíocht dul chun cinn maith a dhéanamh i gcaoi go gcuirfear leis an bhfostaíocht sa Ghaeltacht agus go neartófar bonn tionsclaíoch na gceantar Gaeltachta.

An bhfuil sé fíor go bhfuil easpa airgid níos mó ná £2 mhilliún ar Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus, freisin, go bhfuil moltaí déanta cheana féin ag an Údarás fostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, agus nach mbeidh sé ar a gcumas iad sin a líonadh anois toisc nach bhfuil an t-airgead le fáil acu? An gcuirfidh an Rialtas an t-airgead atá ag teastáil ar fáil i mbliana?

Níl sé fíor go mbeidh easpa airgid ar an Údarás maidir le postanna a chur ar fáil; mar atá mínithe anseo cheana, bhí os cionn £2 mhilliún de dheontas speisialta le haghaidh togra i gContae Mhaigh Eo agus b'shin cás faoi leith. Nuair a chuirtear é sin san áireamh níl laghdú mór ar an chaiteachas a bheas ag an Údarás i mbliana le postanna a chur ar fáil. Tá sé cosúil le gach Roinn Stáit eile; tá laghdú ann, ach san am céanna tá mé sásta go mbeidh said in ann dul chun cinn maith a dhéanamh maidir le postanna a chur ar fáil.

An bhfuil an tAire lán sásta mar sin nach mbeidh easpa airgid ar an Údarás i mbliana chun na moltaí atá déanta acu cheana féin a chomhlíonadh? Freisin, ag éirí ón chinneadh atá déanta ag an Rialtas le déanaí cumhachtaí faoi fheirmeoireacht éisc a thabhairt don Údarás, an mbeidh airgead á thabhairt don Údarás chun a ndualgais agus na cumhachtaí sin a chur a bhfeidhm i mbliana chomh maith?

Mar atá ráite agam, tá mé lán sásta go mbeidh neart airgid ag an Údarás len a gcuid oibre a dhéanamh. Ní cumhachtaí breise a bheidh á dtabhairt don Údarás maidir le feirmeoireacht éisc. Séard atá ann ná go mbeidh na cúraimí a bhí orthu go dtí seo, mar is iad na ceannródaithe ó thaobh feirmeoireacht éisc a chur chun cinn sa tír seo, go mbeidh na cúraimí céanna orthu sna ceantair Ghaeltachta. Níl aon rud faoi breis oibre a thabhairt dóibh ansin. Tá siad ag deileáil le feirmeoireacht éisc le fada agus beidh siad ag leanúint ar aghaidh leis an obair chéanna sna ceantair Ghaeltachta.

Ceist deireannach.

Os iad an tÚdarás na ceannródaithe i gcúrsaí feirmeoireacht éisc, má bhíonn airgead ag teastáil ón Údarás chun pleananna i dtaobh feirmeoireacht éisc a chur i gcrích i mbliana, an mbeidh an tAire sásta an t-airgead a thabhairt dóibh?

Tuigeann an Rialtas an tábhacht atá leis an fhorbairt seo le postanna a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre uilig, agus tá mé lán cinnte go mbeidh an t-airgead ar fáil nuair atá gá leis.

Top
Share