Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Nov 1988

Vol. 384 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - An Dara Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon chinneadh déanta ag an Rialtas maidir le cur i bhfeidhm an Dara Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge.

Tá an Roinn fós i gcomhairle leis an mBord faoin scéal.

An bhféadfadh an tAire Stáit aon eolas a thabhairt dúinn níos cinnte ná sin cén uair a bheas an scéal seo measta ag an Roinn? Tógadh an cheist sa Dáil cheana féin i mí Márta seo caite agus bhí an plean á mheas ag an am sin. Tá sin naoi mí ó shin agus tá sé ag an Rialtas le beagnach bliain anois. Mar sin, an bhféadfadh sé aon eolas níos cruinne a thabhairt dúinn cén uair go díreach a bheas an plean measta agus go mbeidh beartanna á gcur i gcrích?

Tá sé i gceist go ndéanfar scrúdú air go luath agus sílim go bhfuil roinnt bheag leasuithe á ndéanamh ag an mbord féin ar an bplean ó cuireadh i bhfeidhm é. Agus beidh sé sin á chur faoi scrúdú go luath.

An féidir a bheith ag súil le cinneadh go luath?

Déarfainn gur féidir.

Top
Share