den Taoiseach an bhfuil aon dáta socair maidir le toghchán Údarás na Gaeltachta; agus cén dáta a mbeidh téarma oifige na mball ainmnithe caite.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Toghchán Údarás na Gaeltachta.
7. D'fhiafraigh
Níl aon dáta socraithe go fóil don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.
Tá na comhaltaí a ainmníonn an tAire don Údarás ceaptha go dtí 30 Meitheamh 1991.
An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl an bhfuil aon mhachnamh ar chumhachtaí breise a thabhairt don Údarás roimh an chéad toghchán eile? Agus, uimhir a dó, an bhfuil aon chuimhneamh ar an toghchán a bheith ann an lá a mbeidh toghchán na hEorpa ann i mí Meithimh seo chugainn?
Maidir leis an chéad cheist a chuir an Teachta, níl aon rud luaite ina cheist Dála faoi sin, agus, uimhir a dó, is dócha gurb shin rud a bheas le cur san áireamh nuair a bheimid ag socrú an lá don toghchán.