den Taoiseach cad é an daonra i ngach ceantar contae Gaeltachta de réir an daonáirimh is déanaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daonra na gCeantar Gaeltachta.
Tá sé i gceist agam ráiteas, leis an eolas atá á iarraidh, a scaipeadh sa Tuairisc Oifigiúil.
Is é seo an ráiteas:
Daonra na gceantar Gaeltachta i ngach Contae ag Daonáireamh 1986.
Contae |
Daoine |
Fireannaigh |
Baineannaigh |
Co. Chorcaí |
3,800 |
2,021 |
1,779 |
Co. Dhún na nGall |
25,970 |
13,477 |
12,493 |
Co. na Gaillimhe* |
29,614 |
15,255 |
14,359 |
Co. Chiarraí |
8,226 |
4,235 |
3,991 |
Co. Mhaigheo |
13,109 |
6,679 |
6,430 |
Co. na Mí |
1,272 |
668 |
604 |
Co. Phort Láirge |
1,439 |
753 |
686 |
Iomlán |
83,430 |
43,088 |
40,342 |
* Contae-Bhuirg na Gaillimhe san áireamh.
An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an bhfuil ardú nó ísliú ar an uimhir ón daonáireamh roimhe sin?
Ardú atá ann ó 1981. I 1981 bhí an daonra ag 80,398 agus i 1986 bhí sé ag 83,430.
An é sin ardú i ngach ceantar Gaeltachta?
Níl an t-eolas sin agam, ach tá mioneolas le fáil sa ráiteas a chuirfear mórthimpeall, agus beidh sé sin le fáil ag an Teachta.