Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jan 1989

Vol. 386 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Structural Support for the Gaeltacht.

6.

asked the Taoiseach if he will indicate the specific consideration which has been given to the needs of the Gaeltacht in terms of making specific submissions for structural support under the Regional Fund for the E.C.

I dteannta leis an bplean forbartha d'Éireann tá cláracha fo-náisiúnta á n-ullmhú ag grúpaí oibre do réigiúin ar leith sa tír d'fhonn cúnamh a fháil ó Chistí Struchtúrtha méadaithe an gComhphobail Eorpaigh agus tá ceantair Ghaeltachta i gcúig cinn de na seacht réigiúin sin. Tá ionadaíocht ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta ar na grúpaí agus cuirfear riachtanais na Gaeltachta chun cinn sna cláracha iomchuí.

I took the unusual step of wording this question in English. I have always put my questions on the Gaeltacht in the Irish language but I have noticed the effect of that is that the important items are now slipping away, people leave the House or the matters are not covered sufficiently in the press.

A Deputy

That is why the Deputy is here.

There is no specific plan drawn up in terms of the needs of the Gaeltacht. Séard atá á chur i gceist agam ná — séard atá i gceist agam ná thug an tAire Stáit freagra air. Léirigh sé go raibh seans ag na hionadaithe as na Gaeltachtaí éagsúla a bheith sna grúpaí a bhí ag obair ar na pleananna réigiúnacha go ginearálta. Tá trí réigiún i gceist, mar a thuigeann sé, ach teastaíonn uaim a fháil amach cé go díreach ar a raibh an cúram pleananna níos fiúntacha a bhaineann le daonra, mar shampla, cúrsaí imirce, cúrsaí dífhostaíochta, instruchtúr agus jabanna a chur ar fáil. An raibh aon phlean ina raibh an cúram sin curtha ar éinne taobh istigh de na Gaeltachtaí? Tá an tAire ag caint faoi ionadaíocht. Ní hé sin an rud atá i gceist agam.

Tá Údarás na Gaeltachta go síoraí ag plé le cúrsaí den chineál sin. Tá Roinn na Gaeltachta muid féin ag plé le cúrsaí den chineál sin. Tá eolas maith ag na hionadaithe a bheidh ar na fo-choistí seo, ar gach gné de na cúrsaí atá luaite ag an Teachta. Is oifigigh shinsearacha iad de Roinn na Gaeltachta atá ag plé leis na cúrsaí seo le fada an lá.

Caithfidh mé filleadh arís go dtí bunbhrí na ceiste, agus is é sin, ar tugadh faoi phlean cuimsitheach fiúntach taobh istigh de na Gaeltachtaí féin agus baint leis ag daoine taobh istigh den Udarás nó ionadaithe ó dhreamanna taobh istigh de na Gaeltachtaí féin? Ar deineadh an obair sin? Ar cuireadh plean ar fáil?

Tá na ceisteanna ró-fhada.

An cheist is tábhachtaí, an bhfuil——

Gairid, le do thoil, a Theachta.

Tá mé ag déanamh iarrachta. Beidh mé iontach gairid. Baineann an cheist leis na scéimeanna atá á gcur ar aghaidh go dtí an Comhphobal. An cheist bhunúsach ná an mbeidh na scéimeanna atá curtha ar aghaidh ag teacht le agus ag freastal ar riachtanais na Gaeltachta nó nach mbeidh?

Is coistí áitiúla iad seo, coistí forbartha, coistí a bheidh ag plé le forbairt gach gné den tír ar fad, agus tá an Ghaeltacht curtha san áireamh chomh maith le gach uile chuid eile den tír. Mar a dúirt mé, na daoine atá ag plé leis seo ar mhaithe le Roinn na Gaeltachta agus leis an Údarás, tá tuiscint acu ar céard atá ag teastáil do na háiteacha a bhfuil siad féin ag plé leo ar na fo-choistí seo atá curtha ar fáil.

Mar is eol don Aire Stáit, tá dearcadh báúil ag an Chomhphobal ar na ceantair ina labhraítear mionteangacha ar fud na hEorpa. Ó tharla go bhfuil Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ann agus go bhfuil an struchtúr ansin cheana féin chun plé le forbairt na Gaeltachta, an aontaíonn an tAire gur briseadh suas na Gaeltachta arís é, gan réigiún ar leith a bheith á chur ar aghaidh go dtí an Eoraip, réigiún Gaeltachta, ó tharla go bhfuil dea-bhá agus dea-thoil na hEorpa ag na ceantair seo?

Mar a thuigeann an Teachta féin, bheadh sé iontach deacair. Bheifeá ag caint ar pharóistí. Bheifeá ag caint ar bhailte, agus ní féidir iad sin a scaradh amach ó réigiún nuair atá an cheist seo á plé. Aontaím leis an Teachta go bhfuil tuiscint ar leith san Eoraip ar na mionteangacha. Táimid go síoraí ag plé leis sin. Tá Údarás na Gaeltachta ag plé leis sin i láthair na huaire agus baint acu le céard atá ar siúl san Eoraip maidir le cás na mionteangacha.

Top
Share