Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jan 1989

Vol. 386 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Saoráidí Saoire sa Ghaeltacht.

8. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad iad na saoráidí saoire a bhfuil páirtíocht ag Údarás na Gaeltachta iontu; agus cad é a pholasaí maidir lena ndíol.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb iad seo a leanas na ceithre chuideachta i gceist: Teachíní Chonamara Teo (Óstán an Cheathrú Rua); Sonas Teo (Óstán Dhún an Óir); Óstlanna Gaeltearmann Teo (Óstán Dhoire Fhionáin); agus Teachíní Eanach Mheáin Teo.

Is é beartas an Údaráis óstáin/teáchíní saoire dá chuid a reachtáil ar bhonn brabúis agus, mura mbainfear amach torthaí sásúla thar thréimhse, cinneadh a dhéanamh ansin maidir lena dtodhchaí, i.e., iad a dhíol, a léasáil nó airgead breise a infheistiú iontu. Faoin mbeartas sin tá Óstán an Cheathrú Rua ar léas; Óstán Dhún an Óir á dhíol; agus Óstán Dhoire Fhionáin á léasáil/á dhíol.

Deir an tAire Stáit go bhfuil Óstán Cheathrú Rua ar cíos agus go bhfuil Óstán Dhún an Óiar á dhíol i láthair na huaire. Cad iad na coinníollacha a bhíonn i gceist nuair a bhíonn óstán mar se á dhíol? Uimhir a dó, an aontaíonn sé gur maith an rud óstán a dhíol i gceantar ina bhfuil a lán turasóireachta, ceantar a bhféadfadh an tÚdarás fiú amháin airgead a dhéanamh a d'fhéadfadh siad a chur isteach i monarchana agus i dtionscail eile ar fud na Gaeltachta?

Is é polasaí an Údaráis, mar a dúirt mé, mura bhfuil brabach á dhéanamh ag na hóstáin seo, iad a chur ar léas nó b'fhéidir airgead breise a chaitheamh orthu, feabhas a chur orthu i gcaoi is go mbeadh siad in ann brabach a dhéanamh. Tá siad ag plé leis na cúrsaí seo le fada, agus tuigeann siad nach ceart airgead an Stáit a chur amú má tá caillteanas á dhéanamh ag óstán agus mar sin de, gur ceart iad a léasáil nó a dhíol, agus sin go díreach atá ar siúl acu.

Nuair a bhíonn siad á ndíol, an mbíonn aon choinníollacha ag dul leis an díolaíocht? Cuir i gcás, an duine nó an comhlacht a ghlacann an t-ostán, an mbíonn aon fhreagracht orthu maidir leis an Ghaeilge agus leis an chultúr? An gcaithfidh siad tús áite a thabhairt dóibh, mar a thug an tÚdarás féin?

Chuirfí na rudaí sin san áireamh nuair a bheadh an díolachán á dhéanamh. Bheimís ag súil go mbeadh dualgas ar an té a cheannódh ceann de na hóstáin seo gach iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Top
Share