Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Mar 1989

Vol. 388 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarchana i gContae Dhún na nGall.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad é an cás maidir le monarchana (sonraí tugtha) i gContae Dhún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ceann amháin den dá chuideachta i gceist imithe as gnó le tamall anuas agus go bhfuil leachtaitheoir ceaptha ina leith ó mhí na Samhna seo caite; agus go bhfuil an chuideachta eile dúnta go sealadach ó 3 Márta de bharr easpa orduithe a bheith ar fáil.

Aithníonn an tÚdarás go bhfuil fadhb mhór ann maidir le fostaíocht a chruthú i gceantar an Fháil Charraigh agus tá céimeanna sonracha á nglacadh ag an eagraíocht — i gcomhairle leis an bpobal áitiúil — chun tionscnaimh fhiúntacha a aimsiú a churifidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir na háite. Tuigim ón Údarás go bhfuil roinnt tograí á bplé acu don cheantar faoi láthair ach go bhfuil sé ró-luath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar an scéal.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl cé mhéid a bhí fostaithe san dá mhonarchain sular chaill na daoine seo a gcuid postanna; agus cad iad na hiarrachtaí atá á déanamh ag an Údarás le tionscail a chur isteach sa mhór-cheantar Gaeltachta seo a bhfuil géarcheim dífhostaíochta ann faoi láthair?

Nuair a dhruid ceann amháin de na cuideachtaí seo, bhí 12 fostaithe — bhí 31 fostaithe roimhe sin — agus deichniúr sa cheann eile. Faoi láthair tá an tÚdarás ag plé le dhá chomhlacht atá ag súil, b'fhéidir, le lonnú ansin má éiríonn leo teacht ar réiteach leis an Údarás faoi théarmaí agus mar sin de. Tá socrú déanta ag an Údarás go mbeidh duine de fhoireann an Údaráis a bheas ag déanamh teangmhála go rialta leis na phobal áitiúil, gach dhá mhí i dtosach, le cúrsaí a phlé leo agus a insint dóibh cé chaoi a bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh maidir le tionscal úr a fháil don áit.

An aontódh an tAire Stáit go raibh an cás go dona sa cheantar seo fiú amháin sular dúnadh na monarchana; go bhfuil an paróiste Cloch an Fhaolaidh ar cheann de na paróistí Gaeltachta is mó sa tír agus i láthair na huaire nach bhfuil beagnach aon tionscal ag an Údarás nó ag aon dream eile, agus go bhfuil na daoine óga go mór mhór ag dul ar imirce? An ndéanfaidh sé gach iarracht go pearsanta leis an Údarás rud éigin a chur ar bhun chun fostaíocht a chruthú san fíor-cheantar Ghaeltachta seo: an dá bhaile is Gaelaí i nGaeltachtaí na tíre, an Fál Carrach agus Gort an Choirce.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil gá le fostaíocht a chur ar fáil sa pharóiste seo agus tuigim féin agus an tÚdarás an tábhacht atá leis. Sin an fáth go bhfuil na socruithe atá luaite agam cheana déanta acu le cinntiú go gcuirfear fostaíocht ar fáil sa cheantar seo chomh luath agus is féidir.

Top
Share