Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 1990

Vol. 396 No. 1

Written Answers. - County Galway Piers.

Michael D. Higgins

Question:

95 Mr. M. Higgins asked the Taoiseach when plans will be ready for work to commence by the Office of Public Works on pier improvements on Inis Meáin, Aran Islands, County Galway, for which a financial allocation was made in 1987.

Tá ceist feabhsú na saoráidí calaíochta ar Inis Meáin fite fuaite le ceist na seirbhíse farantóireachta go dtí na trí Oileáin Arainn — rud atá á mheas faoi láthair. Beidh tionchar ag cibé cinneadh a dhéanfar maidir le cúrsaí farantóireachta ar aon oibreacha struchtúrtha eile atá le cur i gcrích ar na hoileáin. Tá comhairle á glacadh ag mo Roinnse leis an Roinn Turasóirachta agus Iompair agus le Roinn na Mara agus déanfar cinneadh a luaithe is féidir maidir leis na hoibreacha is gá a chur i gcrích le freastal ar riachtanais Inis Meáin. Níorbh inmholta aon chuid den airgead a ceadaíodh cheana a chaitheamh go dtí go mbeifí cinnte faoi cad díreach na hoibreacha atá de dhíth, ag cur na cúinsí athruithe san áireamh.

Top
Share