Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 1990

Vol. 396 No. 1

Written Answers. - Foghlaim na Gaeilge sna Scoileanna.

Jim O'Keeffe

Question:

125 D'fhiafraigh Mr. J. O'Keeffe den Aire Oideachais cathain a dhéanfaidh a Roinn múineadh na Gaeilge a chur ar aon chéim le múineadh na dteangacha Mór-Roinne sna hiar-bhunscoileanna.

Ós rud é gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta ní ionann stádas di agus na nuatheangacha. Tá oidhreacht agus cultúr na hÉireann fite fuaite inti. Dá bhrí sin caithfear cúram ar leith a dhéanamh di sna scoileanna.

Tá tionchar nach beag ar theagasc na Gaeilge ag an modheolaíocht agus ag an gcur chuige nua-aimseartha atá á gcleachtadh i gcás na nuatheangacha. Tá an cur chuige cumarsáideach á chur i bhfeidhm ar an nGaeilge (cosúil leis na nuatheangacha) sna siollabais don teastas sóisearach; beidh trialacha cluastuisceana mar chuid dílis den scrúdú don Teastas sin.

Tá siollabais na hardteistiméireachta faoi chaibidil i láthair na huaire d'fhonn iad a chur in oiriúint do chúinsí na linne seo.

Meastar go rachaidh na siollabais nua agus na leasuithe sna scrúduithe teistiméireachta chun sochair don Ghaeilge sna scoileanna. Ós rud é go mbeidh an teagasc feasta bunaithe ar chumarsáid beidh an fhoghlaim ar bhonn gníomhach — rud a éilíonn rannpháirtíocht iomlán i gcás an lucht fhoghlama. Cothófar na scileanna teanga praiticiúla i measc na ndaltí sa tslí go mbeidh siad in ann úsáid nádúrtha a bhaint as an teanga ní amháin laistigh den scoil ach sa timpeallacht i gcoitinne. Tá an bhéim feasta ar ghnáth-Ghaeilge laethúil in ionad Gaeilge na leabhar faoi mar a bhí go dtí seo. Dá bhrí sin meastar go dtiocfaidh forbairt ar úsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáideach i measc an phobail i gcoitinne.

Jim O'Keeffe

Question:

126 D'fhiafraigh Mr. J. O'Keeffe den Aire Oideachais an bhfuil aon phleananna ag a Roinn chun spreagadh a thabhairt do pháistí scoile agus do dhaoine fásta chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú.

Chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí scoile an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú tá leasú bunúsach á chur i bhfeidhm agam ar an siollabas Gaeilge sna ranganna sóisearacha de na scoileanna dara leibhéal; leasú a chuireann an bhéim ar Ghaeilge chumarsáideach. Tá leasú idir lámha ar an siollabas do na ranganna sinsearacha chomh maith. Maidir leis an siollabas Gaeilge sna bunscoileanna tá an Coiste Athbhreithnithe um Curaclam na Bunscoile ag déileáil le cúrsaí siollabais sa Ghaeilge chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh leanúnachas idir Curaclam na bunscoile agus an Curaclam sna hiarbhunscoileanna. Táthar ag súil le tuairisc ón gcoiste seo go luath. Ina theannta sin tá tacaíocht ar leith á tabhairt ag mo Roinnse do na scoileanna lán Ghaelacha.

Tá mé ag féachaint le tuismitheoirí agus daoine fásta i gcoitinne a spreagadh chun na Ghaeilge a fhoghlaim i gcomhthéacs foghlaim na Gaeilge sna scoileanna. Chuige sin tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn-se do dhá scéim phíolótacha. Tá scéim phíolótach tosaithe i gceantar Dhomhnach Míde (Baile Átha Cliath) ina bhfuil An Roinn Oideachais agus Bord na Gaeilge comhpháirteach. Tá an scéim seo dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn sa bhunscoil, sna blianta tosaigh iar-bhunscoile agus imeasc an phobail i gcoitinne. Tá eagraí ceaptha chun an scéim a riaradh agus tá roinnt bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna páirteach sa scéim. Glactar leis mar bhunphrionsabal go bhfuil tacaíocht na dtuismitheoirí agus cur chun cinn na Gaeilge imease an phobail an-tábhachtach d'fhoghlaim na Gaeilge sa scoil. Mar sin féachfar le gnó an phobail a fhorbairt céim ar chéim leis an obair scoile.
Tugann An Roinn Oideachais tacaíocht chomh maith don scéim —"Tiobraid Árann ag Labhairt". Tá an scéim seo ag feidhmiú i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna áirithe i dTiobraid Árann Thuaidh le dhá bhliain anuas. Tá anbhéim á leagan ar labhairt na Gaeilge agus ar chothú an dá-theangachais sa phobal i gcoitinne. Tá deiseanna curtha ar fáil do dhaoine fásta chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
Tá réimse scéimeanna eile ann, faoi réir na Roinne agamsa, Roinn na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaelacha, le daoine fásta a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chothú, agus leanfar ag tabhairt tacaíochta dóibh.
Top
Share