Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Mar 1990

Vol. 396 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Réamh-Mhonarchana i gContae Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon tionscal ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don réamh-mhonarcha ag Caiseal, Gort a Choirce, i dTír Chonaill; cén tionscal atá i gceist; cén uair a ceadaíodh é; agus cén uair a ndéanfar daoine a fhostú.

Dinny McGinley

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon mholadh ó Údarás na Gaeltachta réamh-mhonarcha a thógáil ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill; cén uair a deineadh an cinneadh; agus an bhfuil sé beartaithe tosú ar an obair gan mhoill.

Tógfaidh mé Ceisteanna 2 agus 3 le chéile.

Ceadaíodh togra dhéantús naícharranna anuraidh do mhonarcha Údarás na Gaeltachta ar an gCaiseal. Is ceist do phríomhaithe an tionscnaimh sin anois tús a chur leis an ngnó agus tá an tÚdarás ag feitheamh le eolas uathu faoina bhfuil beartaithe acu.

Mar chuid de chlár tógála an Údaráis 1990-91 lenar thoiligh mé i rith na míosa seo caite, tá réamh-mhonarcha ar an bhFál Carrach san áireamh. Is gnó don Údarás é anois a shocrú cathain a bheidh sé ar a gcumas tús a chur leis an obair.

Tá mé buíoch den Aire as an méid sin eolais, agus mar atá a fhios ag an Aire é féin, tá an dá cheantar seo i bparóiste Chloch Chinn Fhaolaidh, ar cheann de na paróistí Gaeltachta is mó sa tír, agus ceann de na paróistí Gaeltachta is mó a bhfuil imirce agus dífhostaíocht iontu. An bhféadfadh an tAire a insint, cén uair a tógadh an réamhmhonarcha, atá gan tionscal fós, ar an gCaiseal? Cé mhéid blianta atá sé ó tógadh é? An féidir leis aon treoir a thabhairt don Teach go díreach, cén uair a chuirfear an tionscal ar bun sula dtarlaíonn níos mó imirce as an cheantar Gaeltachta sin?

Níl an mioneolas sin agamsa maidir leis an uair a tógadh é ach tá sé ansin ar feadh na mblianta anois. Cuireann sé isteach go mór orm féin nach bhfuil togra buan ansin. Bíonn ceann sealadach ansin gach Nollaig ach d'fháiltigh mé roimh an cheann buan atá le teacht. Tá mé féin ar aon intinn leis an Teachta. Cuireann an dífhostaíocht sa Ghaeltacht isteach go mór orm féin agus ar an Rialtas agus beidh mise ag cur cibé brú is féidir liomsa a chur ar an Údarás. Ar ndóigh, bíonn an tÚdarás féin ag cur brú ar an gcomhlacht tús a chur leis an tógra sin chomh luath agus is féidir. Cuireadh in iúl dúinn i mí na Samhna anuraidh go raibh an comhlacht seo ag teacht isteach, go mbeadh siad ag cur fostaíochta ar fáil do naonúr ag déanamh naícharranna.

Mar atá a fhios ag an Aire, bíonn tionscal sealadach i nGort a' Choirce ar feadh cúpla mí ag deireadh gach bliain. Más rud é go dtéann tionscal úr isteach sa réamhmhonarcha, an gcuirfear áiseanna ar fáil don tionscal sealadach sa cheantar sin, díreach mar a bhí ag deireadh gach bliain le cúig nó sé de bhlianta anuas?

Aontaím leis an Teachta gur cuireadh obair ar fáil do go leor daoine i rith an gheimhridh de bharr an tionscail shealadaigh seo. Beidh mé ag cur ina luí ar Údarás na Gaeltachta an tábhacht atá le háiseanna a chur ar fáil don tionscal sealadach seo le haghaidh na Nollag atá romhainn.

Top
Share