Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Mar 1990

Vol. 397 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Coiste Airí na nOileán.

Dinny McGinley

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil sé beartaithe Coiste Airí na nOileán a athbhunú.

Tá Coiste Airí na nOileán athbhunaithe anois agus is mar seo a leanas an bhallraíocht:

Pádraic Ó Floinn Uasal, TD, Aire Comhshaoil (Cathaoirleach).

Riobard Ó Maoildhia Uasal, TD, Aire Fuinnimh.

Seosamh Breathnach Uasal, TD, Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia.

Máire Geoghegan-Quinn Uasal, TD, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

Pat the Cope Ó Gallchóir Uasal, TD, Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta.

Donncha Ó Liatháin Uasal, TD, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair.

Proinsias Ó Fathaigh Uasal, TD, Aire Stáit ag an Roinn Oideachais.

Breandán Ó Dálaigh Uasal, TD, Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais.

Micheál Ó Nuanáin Uasal, TD, Aire Stáit ag Roinn na Mara (Rúnaí).

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl, an Coiste Airí deireanach a bhí ann, ar chuir siad aon tuairisc ar fáil, nó an raibh siad ag obair ar aon phleananna do na hoileáin, agus, an bhfuil sé ar intinn ag an choiste seo aon phlean a chur ar fáil?

Bhí mé féin mar Rúnaí ar an gcoiste sin agus tháingeamar le chéile go minic. Ceapadh oifigigh sinsir as na comhairlí contae i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh, agus bhí siadsan ag déanamh teagmhála idir na comhairlí contae agus muidne agus leis na hoileáin. Cuireadh tuairisc ar fáil an t-am sin le cuidiú ó oifigigh sinsir sa Roinn Comhshaoil.

Agus níos tábhachtaí fós, chuireamar airgead ar fáil do na hoileáin.

Níl sé sin soiléir ó chuid de na hoileáin a bhfuil eolas agamsa orthu. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil dífhostaíocht ar na hoileáin, go bhfuil an imirce ag bualadh na n-oileán i ngach páirt den tír, agus, chomh maith leis sin, go bhfuil an iascaireacht, a bhfuil muintir na n-oileán ag brath air le blianta, in ísle brí i láthair na huaire. An bhfuil sé ar intinn ag an gcoiste úr plean forbartha a chur ar fáil do na hoileáin?

Caithfear a rá, le tacaíocht ó Choiste Airí na nOileán ag an am sin, roinneadh oileáin chósta an iarthair agus an tuaiscirt i rannóg amháin agus na hoileáin sa deisceart i rannóg eile, agus tá beirt oifigeach ansin ag obair go lánaimseartha chun fuílleach den chlár forbartha tuaithe a chur ar fáil don Roinn Talmhaíochta.

Top
Share