Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 May 1990

Vol. 398 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an raibh aon teagmháil, go díreach nó go hindíreach, ag a Roinn le RTÉ go fóil faoi thuarascáil Údarás na Gaeltachta maidir le Teilifís na Gaeltachta; ar chuir RTÉ moltaí ar fáil maidir leis an tuarascáil; má chuir, cérbh iad na moltaí a cuireadh ar fáil; agus an bhfuil sé i gceist anois ag an Rialtas gníomhú dá réir.

Dinny McGinley

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil tuairisc faighte ar ais fós sa Roinn ó RTÉ agus ón Roinn Cumarsáide maidir le tuarascáil Údarás na Gaeltachta ar Theilifís na Gaeltachta.

Tóg-faidh mé Ceisteanna Uimh. 2 agus 3 le chéile.

Faoi mar atá ráite agam sa Teach seo cheana, tá moltaí na Roinne Cumarsáide iarrtha maidir leis an tuarascáil seo agus, os rud é go dtagann RTÉ faoi scáth na Roinne sin, beidh tuairimí RTÉ san áireamh agus moltaí na Roinne Cumarsáide á gcur ar fáil — rud nach bhfuil déanta fós.

An nglacann Roinn na Gaeltachta leis na moltaí atá sa tuarascáil. Sin an bunphrionsabal atá taobh thiar den cheist a chuir mé síos. Agus, toisc go bhfuil tuairmí RTÉ faighte faoin am seo faoi na moltaí seo, an bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh i bprionsabal leis na moltaí atá déanta?

Dúirt mé nach bhfuil moltaí faighte againn sa Roinn. D'iarr muid moltaí na Roinne Cumarsáide agus chuaigh siadsan i gcomhairle le RTÉ, ach níl na moltaí sin ar ais againne. Mar a dúirt mé, beidh tuairimí RTÉ sanáireamh agus moltaí na Roinne Cumarsáide á gcur ar fáil, rud nach bhfuil déanta go dtí seo. Is mioneolas é seo ach, i bprionsabal, is cinnte, agus chuir mé an t-eolas seo ar fáil ag minic don Teach seo agus taobh amuigh de, go bhfuil an Rialtas seo i bhfábhar seirbhís theilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil os rud é go bhfuil a fhios againn an tionchar atá ag an teilifís ar gach duine ach go háirithe ar dhéagóirí agus an aos óg, mar is i lámha na ndaoine sin atá todhchaí na Gaeilge.

An seirbhís teilifíse Ghaeilge neamhspleách atá i gceist ag an Aire nuair a thagraíonn sé do sheirbhís Ghaeilge nó an é an rud atá i gceist aige, mar atá roinnt daoine ag rá i láthair na huaire, níos mó clár Gaeilge ar RTÉ a Dó. An seirbhís neamhspleách atá i gceist le seirbhís Ghaeilge nó níos mó clár Gaeilge ar an tseirbhís atá ann go dtí seo?

Níl saineolaithe againne, tá siad ag RTÉ agus ag an Roinn Cumarsáide. Beidh muidne ag tabhairt na moltaí sin isteach san áireamh chomh luath agus atá siad faighte againn. Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cad a bheidh sna moltaí sin. Bheinn ag tabhairt freagra agus gan an saineolas agam féin.

Os rud é gurb é Roinn na Gaeltachta a chuir ceist ar phríomhoifigeach Údarás na Gaeltachta an chéad uair tuarascáil a chur le chéile, an bhfuil an tAire sásta a rá leis an Teach anois gur teilifís Ghaeltachta a bheidh ann? An bhfuil sé sásta a rá i bprionsabal go mbeidh ceannáras na seirbhíse nua lonnaithe sa Ghaeltacht. An bhfuil sé sásta glacadh i bprionsabal go mbeidh scéim iomlán teilifíse ar fáil do mhuintir na Gaeltachta; agus cathain a bheidh an tuarascáil faighte ag Roinn na Gaeltachta ón Roinn Cumarsáide?

An Roinn seo a d'iarr comhairle ar Údarás na Gaeltachta, agus chuir an tÚdarás tuarascáil ar fáil dúinn. Taispeánann sé sin an tsuim atá againn ann. Le blianta fada roimhe sin ní raibh suim ar bith ann. Tá an tuarascáil ag RTÉ agus ag an Roinn Cumarsáide, agus chomh luath agus a bheith moltaí againn déanfar iad a chíoradh agus cuirfear roimh an Rialtas iad. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheist go dtí seo faoi cheannáras sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht. Má tá moltaí ag an Teachta féin faoin áit cheart le haghaidh an cheannárais seo——

Teilifís Ghaeilge nó teilifís Ghaeltachta?

Seirbhís theilifíse trí Ghaeilge don tír go léir. Ní bheidh muidne sásta seirbhís a chur ar fáil do chuid amháin den tír leis an RDB agus an MMDS. Beidh na deacrachtaí sin ann, ach caithfear glacadh le moltaí RTÉ, agus, ina dhiaidh sin, beidh muid breá sásta cineadh a dhéanamh.

An amhlaidh go bhfuil cúlú ar an gheallúint i gceist anseo, mar, nuair a tugadh an gheallúint, seirbhís Ghaeltachta lonnaithe sa Ghaeltacht a bhí i gceist ag an Taoiseach, creidim. De réir cosúlachta, tá an tAire Stáit ag trácht anois ar sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge, ach níl sé sásta a rá an mbeidh sé lonnaithe sa Ghaeltacht nó an seirbhís neamhspleách a bheidh ann. Sílim gur cúlú é sin ón seasamh a glacadh nuair a rinneadh an ráiteas roimhe seo. Ceist eile a ba mhaith liom a chur: an n-aontaíonn sibh féin i Roinn na Gaeltachta le moltaí an Údaráis, a bhí an-chuimsitheach ar fad?

An chéad rud, níl cúlú ar bith ann. D'iarr muidne comhairle ar Údarás na Gaeltachta agus tá sé sin faighte againn. Níl na saineolaithe againne chun é sin a chíoradh. Tá siad ag RTÉ. Uimhir a dó, is é an rud atá ar intinn againne ná an tseirbhís is fearr a chur ar fáil, ní amháin do mhuintir na Gaeltachta ach do phobal na Gaeilge sa tír go léir.

Top
Share