Is eol dom go bhfuil tuairimí mar sin nochtaithe ag saineolaithe áirithe thar na blianta agus, cé gur mhaith linn go léir go mbainfí níos mó úsáide as an nGaeilge mar ghnáth-theanga labhartha sa Ghaeltacht, táim dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge mar ghnáthmeán cumarsáide inti.
Tá caomhnú na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha mar bhun-aidhm ag na scéimeanna éagsúla atá á reachtáíl ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta agus táim sásta tríd is tríd go bhfuil ag éirí leo san aidhm sin.
Ar ndóigh, is ar phobal na Gaeltachta cuid mhór a bhraitheann slánú na Gaeilge mar theanga labhartha. Cabhraíonn mo Roinnse le pobail Ghaeltachta pleananna Gaeilge a ullmhú agus a fheidhmiú agus spreagtar iad freisin trí na comórtais forbartha pobail atá á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta.
Tá céimeanna breise glactha le tamall de bhlianta anuas chun cosc a chur le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar shampla amháin de sin, tá cúnamh bliantúil á chur ar fáil anois d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta — eagraíocht chomhdhéanta de mhúinteoirí agus tuismitheoirí — atá ag iarraidh tuiscint níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí agus daltaí sa Ghaeltacht faoi thábhacht a dteanga féin.
I ndáilcheantar an Teachta féin, i gcathair na Gaillimhe, tá cúnamh speisialta á chur ar fáil i mbliana d'fheachtas chun áit níos feiceálaí a thabhairt don Ghaeilge i ngnéithe éagsúla de shaol na cathrach agus táim cinnte, má éiríonn leis an bhfeachtas sin, go gcabhróidh sé go mór le íomhá phobal Gaeltachta Chonamara.
Níl aon amhras freisin ach go gcabhróidh an fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an tseirbhís teilifíse trí Ghaeilge le staid na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht.