Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 May 1990

Vol. 398 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an dtuigeann sé an imní atá ar Bhord na Gaeilge fá staid na teanga sna ceantair Ghaeltachta; agus an bhfuil sé ar intinn aige bualadh leis an mbord chun an cheist a phlé agus gníomh a dhéanamh.

Ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála ón Teachta M. D. Higgins ar 2 Bealtaine 1990 (colúin 381-384 de na Díospóireachtaí Dála don lá sin) maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá sé beartaithe agam féin bualadh le Bord na Gaeilge go luath agus tá mé cinnte de go bpléifear staid na Gaeilge sa Ghaeltacht i measc nithe eile.

An cheist a ndearna an tAire Stáit tagairt dó ón Teachta Higgins, sílim go raibh baint aige le leabhair éigin a cuireadh i gcló ar na mallaibh maidir leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Bhí mé ag déanamh tagartha speisialta don méid a bhí le rá ag Cathaoirleach úr nua-cheaptha Bhord na Gaeilge, agus ba mhaith liom tréaslú leis ar a cheapachán agus tá súil agam go n-éireoidh go geall leis, anois go bhfuil cathaoirleach ar an bord taréis dhá bhliain. Ach dúirt sé ina chéad phreasagallamh, nó a chéad phreasócáid, go bhfuil staid éigeandála Gaeilge sa Ghaeltacht. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit dul i dteagmháil leis an chathaoirleach agus leis an bhord chun é seo a phlé. Uimhir a dó, an bhfuil sé ar intinn breis foirne a chur an fáil don bhord as an obair atá said chun déanamh maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht?

Chuala mé an méid a bhí le rá ag Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, ach ní dóigh liom gur féidir a rá go raibh sé gan dóchas nuair a labhair sé tar éis a cheaptha. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht agus beidh mé ag castáil, ní amháin le cathaoirleach an bhoird, ach leis an bhord ina iomlán chomh luath agus is féidir. Ba mhaith liom a rá, áfach, i mbliana, nuair a bhí go leor gearrtha síos i rannóga éagsúla, go raibh Roinn na Gaeltachta in ann ardú de 27 faoin gcéad a fháil, agus go bhfuil ardú suntasach faighte ag Bord na Gaeilge chomh maith. Ceapaim go gcruthaíonn sé seo cé chomh dáiríre is atá an Rialtas faoi chúrsaí na Gaeilge.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil rud éigin mícheart nuair atá saineolaithe agus daoine údarásacha eile den bharúil go bhfuil an Ghaeilge is ísle bhrí; agus an síleann an tAire gur leor dul ar aghaidh mar atáimid le cúig nó deich de bhlianta leis na polasaithe céanna nuair atá sé soiléir nach bhfuil ag éirí leo de réir na n-údarás, de réir boird oifigiúil a bhfuil freagracht na Gaeilge air, Bord na Gaeilge féin?

Caithfidh mise bheith réadúil faoi seo. Glacaim leis go bhfuil an-bhrú ón taobh amuigh agus go bhfuil a lán deacrachtaí, ní amháin ag pobal na Gaeltachta, ach ag pobal na Gaeilge féin. Tá mise sásta éisteacht le moltaí ar bith. Beidh mé ag bualadh le Bord na Gaeilge agus cibé tacaíocht agus cuidiú is féidir liomsa a thabhairt dóibh, beidh mé sásta é sin a dhéanamh.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire iarraidh ar Bhord na Gaeilge plean gníomhaíochta a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Bhí pleananna ann cheana féin, ach an bhfuil sé ar intinn plean cúig bliana a chur amach?

Ceapaim féin gur cheart dom castáil le Bord na Gaeilge ar dtús agus cibé fadhbanna atá acu a phlé. Tar éis cruinnithe mar sin, b'fhéidir go mbeidh mé in ann a chur in iúl don Teach cad atá ar intinn ag an bhord agus ag an Roinn.

Top
Share