Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Jun 1990

Vol. 399 No. 11

Ceisteanna — Questions Oral Answers. - Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Michael D. Higgins

Question:

1 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach céard iad na ceantair i gcathair na Gaillimhe nach bhfuil i dteideal freastal ar Choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoi láthair; agus an bhfuil sé i gceist na coinníollacha a bhaineann leis an scéim a athrú sa gcaoi is go dtiocfaidh daoine ó na ceantair sin faoin scéim.

Faoi mar is eol don Teachta, íoctar cúnamh faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i leith foghlaimeoirí a mbíonn gnáthchónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht. Is limistéir Ghaeltachta chun críche Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1982, na ceantair seo a leanas i gcathair na Gaillimhe:

An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Cheathramha Bhrún atá comhdhéanta de Bhaile Fearainn Bhaile an Dúbhlaigh;

An chuid sin de Thoghroinn Cheantair Bhearna atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Búrc, Baile an Mhóinín Thoir agus Thiar, Baile na hAbhann Thoir, Bearna, An Cheapach, Cluain na nGabhar, Gort na Leice, An Coimín Mór, An Léana Bodhar, Roisín, An Seanbhaile Dubh agus An Seanghort;

An chuid sin de Thoghroinn Cheantair na Gaillimhe (Tuath) atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Caisleán Gearr, Mionloch agus An Pháirc Mhór; agus

An chuid sin de Toghroinn Cheantair na Gaillimhe Thuaidh (Uirbeach) a bhfuil an Abhainn Bháite (Terryland River) mar theorainn leis an taobh thoir-theas di, a bhfuil Abhainn na Gaillimhe mar theorainn leis an taobh thiar-theas di agus a bhfuil teorainn Cheantar Uirbeach na Gaillimhe (mar a bhí i 1986) mar theorainn leis an taobh thuaidh dhi.

Tuigfidh an Teachta, mar sin, nach gnáth le mo Roinnse glacadh le foghlaimeoirí Ó na ceantair sin chun críche na scéime agus níl sé beartaithe an scéim a leasú chun freastal orthu.

Nach bhfuil an t-eolas ag Roinn na Gaeltachta, agus nach bhfuil glactha leis ag beagnach gach duine i gcathair na Gaillimhe, nach bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha sa teaghlach in a lán de na háiteanna a luaigh an tAire Stáit agus nach n-aontaíonn sé go bhfuil an Roinn ag cur bac ar chearta na bpáistí freastal ar chúrsaí atá ar fáil ag páistí eile sa Ghaeltacht?

Tá taithí imeallach agam féin ar chathair na Gaillimhe ó thaobh na Gaeltachta de, ach, de réir na rialacha atá ann anois, ní féidir linn bac a chur ar dhuine ar bith dul chuig na coláistí Gaeilge. Is í an cheist a thóg an Teachta Higgins ná nach bhfuil deis acusan deontas a fháil chun dul chuig na coláistí samhraidh, ach, ar an láimh eile, tá daoine ina gcónaí sna ceantair sin agus tá deis acu cur isteach ar dheontais tithíochta, scéimeanna spreagtha na Gaeilge agus na deontais eile.

Níl mé ag iarraidh bheith glic, ach is é an cinneadh gur féidir a ghlacadh ná na ceantair sin a thabhairt amach as an Ghaeltacht, mar, de réir na rialacha atá ann i láthair na huaire, ní féidir linn mórán a dhéanamh. Anois agus arís is féidir cuidiú a thabhairt do dhaoine. Fuair beagnach scór duine sna ceantair sin cuidiú anuraidh os rud é go raibh eisceachtaí ann de bharr chúiseanna eis-imirce agus mar sin. Níl bac iomlán ann ach, ag an am céanna, níl an oiread sin daoine ag fáil an deontais sin. Ní féidir linn rud ar bith a dhéanamh i mbliana ach déanaim athbhreithniú leanúnach ar na scéimeanna éagsúla agus tá mé sásta sin a chur san áireamh.

An bhfuil an tAire Stáit sásta a rá leis an Teach go bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha don bhliain seo chugainn? Chomh maith leis sin, dá mba rud é go raibh daoine ag baint úsáide as deontais, ó thaobh tithíochta agus seirbhísí eile de, an nglacann sé leis nach féidir sin a úsáid mar leithscéal toisc go bhfuil bac ar an pháiste; agus nach bhfuil ceart ag an pháiste, chomh maith le gach páiste eile sa chathair, freastal ar na cúrsaí seo atá curtha ar bun chun cúrsaí na teanga a chur ar aghaidh?

Mar a dúirt mé, bíonn athbhreithniú leanúnach á dhéanamh agam ar na scéimeanna éagsúla. Tá a fhios agam go bhfuil dualgais a dháil-cheantair féin ar na Teachta Higgins, ach, ag an am céanna, ní hé cathair na Gaillimhe an t-aon áit sa tír a bhfuil an fhadhb sin ann, mar is amhlaidh an scéal sna háiteanna éagsúla atá imeallach go leor ó thaobh limistéar na Gaeltachta de. Ach, mar a dúirt mé, bíonn athbhreithniú á dhéanamh agam agus tá mé sásta an cheist seo a scrúdú chomh maith.

Top
Share