Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Jun 1990

Vol. 399 No. 11

Ceisteanna — Questions Oral Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil Tuarascáil Údarás na Gaeltachta maidir le Teilifís na Gaeltachta faighte ar ais ina Roinn ón Roinn Cumarsáide; agus cén uair a bheas cinneadh á dhéanamh maidir le seirbhís Teilifís na Gaeltachta a bhunú.

Michael D. Higgins

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil toradh an scrúdaithe a rinne an Roinn Cumarsáide ar thuarascáil Údarás na Gaeltachta-RTÉ faoi Theilifís na Gaeltachta faighte aige; má tá, cén uair a fuair sé toradh an scrúdaithe chéanna; agus bhfuil moltaí déanta ag an Roinn Cumarsáide, ag éirí as an scrúdú céanna, faoi bhunú Theilifís na Gaeltachta; agus, má tá, céard iad na moltaí sin.

Tógfaidh mé Ceisteanna a 2 agus a 4 le chéile.

Fuair mo Roinnse moltaí na Roinne Cumarsáide ar 15 Bealtaine 1990 agus tá an cheist á scrúdú i gcónaí.

An aontódh an tAire Stáit leis an tuairim go bhfuil TV3, a bhfuil reachtaíocht os comhair na Dála ina thaobh i láthair na huaire, agus Teilifís na Gaeltachta ceangailte le chéile, agus go bhfuil ceann amháin ag brath ar an cheann eile; agus más rud é go dtéitear ar aghaidh le TV3, mar atá sa reachtaíocht, nach mbeidh aon bhealach neamhspleách fágtha le seirbhís theilifís Ghaeltachta a chraoladh ann féin?

Is í an cheist a cuireadh síos ná cén uair a fuaireamar an tuarascáil ar ais agus cad atá á dhéanamh againn. Fuaireamar ar ais í ar 15 Bealtaine agus tá sí á scrúdú i gcónaí. Má tá ceisteanna eile ann, beidh mé sásta teacht isteach am ar bith agus freagra a thabhairt orthu.

Gabh mo leithscéal, ach níl an ceart iomlán ag an Aire Stáit maidir leis an méid a dúirt sé. Tá sé ag freagairt ceist a 2, ach tá ceist a 4 in m'ainmse agus cuirim an cheist sin air, an bhfuil moltaí déanta ag an Roinn Cumarsáide ag éirí as an scrúdú céanna faoi bhunú Theilifís na Gaeltachta. Má tá, céard iad na moltaí sin? An bhfuil an tAire Stáit sásta na moltaí sin a thabhairt domsa?

Os rud é go bhfuil an oiread sin taithí ag an Teachta Higgins is dócha go bhfuil a fhios aige nach bhfuil mé sásta freagra a thabhairt. Dá bhí sin, níl sé i gceist agam aon mhioneolas a thabhairt faoi sin. Tá sé á scrúdú agam faoi láthair.

Ag filleadh ar ais ar an cheist a chuir an Teachta McGinley, nach n-aontaíonn an tAire Stáit nach féidir, mar shampla, UHF a úsáid do Theilifís na Gaeltachta má tá an bealach sin geallta do TV3? Tá sé ag rá leis an Teach seo go bhfuil sé chun an cinneadh a chur inár láthair anseo nuair a bheidh sé ródhéanach. Ní bheidh aon seans ag Teilifís na Gaeltachta taobh istigh de chúpla seachtain.

Sin ceist eile. Níl rud ar bith faoi TV3 anseo. B'fhéidir go bhfuil díomá ar na Teachtaí go bhfuil sé mar chuspóir agus mar pholasaí againne seirbhís a chur ar fáil.

An bhfuil an tAire sásta leis an socrú atá déanta faoi láthair, airgead a thabhairt don earnáil phríobháideach agus ag an am céanna gan an méid airgid atá an teastáil chun Teilifís na Gaeltachta a bhunú a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta?

Níor dhúirt mise nach mbeidh airgead le fáil le haghaidh sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge. Níor dhúirt mé sin.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil éileamh náisiúnta ar sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge, nach bhfuil aon socruithe déanta ina thaobh, nach bhfuil aon éileamh ar TV3 taobh amuigh d'Aire éigin thall ansin, agus go bhfuil na socruithe go léir déanta? Mura ndéantar na socruithe láithreach maidir le teilifís na Gaeilge, mar a dúirt an Teachta Higgins, beidh an capall imithe agus muid ag dúnadh an dorais agus gan aon rud fágtha sa stábla. Ní bheidh teilifís Ghaeltachta nó teilifís Ghaeilge againn má théimid ar aghaidh le TV3.

Is leor san, a Theachta.

(Cur isteach.)

Caithfear an socrú a dhéanamh láithreach. Ní fiú don Aire Stáit teacht isteach anseo i mí Mheán Fómhair nó Dheireadh Fómhair ag cur pleananna romhainn nuair a bheidh gach rud ródhéanach.

(Cur isteach.)

Gheobhaidh muintir na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge a seirbhís. Bhí comhrialtas ann le fada an lá agus cad a rinne siad?

Ar aghaidh go ceist a 3.

Top
Share