Thug mise cuairt ar an choláiste sin i mí Mheán Fómhair anuraidh agus tá a fhios agam na fadhbanna atá acu. Ag tús mhí Feabhra i mbliana cheadaigh mé deontas i bprionsabal, ar na coinníollacha seo, go ndéanfaí cibé obair chothabhála a bhí ag teastáil, go gcuirfí meastachán suas chun dáta ar fáil ar an obair riachtanach ar an díon agus go gcuirfí fianaise ar fáil faoi airgead a fuair an coiste faoi pholasaí árachais a bhí acu i ngeall ar dhamáiste don díon, mar aon le sonraí iomlána faoin úsáid a bhaineadh as an airgead sin.
B'fhéidir go gceapfar go bhfuil mise ag cur moille air seo ach ní bhfuair an Roinn freagra ar na ceisteanna seo go dtí 13 Bealtaine. Fuaireamar meastachán suas chun dáta an lá roimhe sin, ar 12 Bealtaine. In a dhiaidh sin, mar is eol don Teachta, bhí orainn moltaí a fháil ó na cigirí áitiúla. Níl cinneadh déanta agam go fóill. Tá a fhios agam cé chomh práinneach agus atá sé ach ba mhaith liom an Teachta a chur ar an eolas gur thóg sé an oiread sin ama orthu an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an Roinn.