Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1991

Vol. 404 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coiste Ghlór na nGael i mBéal Feirste.

Dinny McGinley

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas ar chruinniú aige ó Choiste Ghlór na nGael Iarthar Bhéal Feirste lena ndeacrachtaí maidir le deontas a phlé; agus an bhfuil dáta an chruinnithe socair go fóill.

D'iarr an Coiste seo cruinniú leis an Taoiseach roinnt míonna ó shin. Ós rud é nach raibh ar chumas an Taoisigh, de bharr brú oibre agus coinnithe eile, bualadh leo, dúirt sé leis an gcoiste go mbeinn féin ar fáil chun glacadh le tóscaireacht uathu ach teagmháil a dhéanamh liom.

Tamall ina dhiadh sin, rinne an coiste teagmháil le m'oifig tráthnóna amháin féachaint an bhféadfainn bualadh leo an lá dar gcionn nuair a bheadh siad i mBaile Átha Cliath ach ní raibh mé saor ar an lá áirithe sin. Ar ndóigh, tá a ndeacrachtaí pléite agam leo ar an nguthán cúpla uair agus tá mé sásta i gcónaí bualadh leo ach dáta a bheidh feiliúnach dúinn araon a shocrú.

Nach n-aontaíonn an tAire Stáit agus an Taoiseach féin gur ceist an-tábhachtach í seo, go mbaineann sí le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine agus le hOifig Thuaisceart Éireann; agus gurb é an Taoiseach é féin an duine a ba chóir bualadh le coiste Ghlór na nGael chun an cás fíorthábhachtach seo a phlé, mar go bhfuil seisean ag plé le Rúnaí an Tuaiscirt a bhfuil baint aige leis seo agus le Rialtas na Breataine?

Glacaim leis an méid atá ráite maidir le tábhacht na ceiste seo. Cinnte, is ceist an tábhachtach í seo agus tá an-taithí agamsa ar an méid atá déanta ag coiste Ghlór na nGael i mBéal Feirste os rud é gur thug mé cuairt ar an gceantar sin ag tús na bliana 1990 nuair a bhuaigh siad comórtas ag an am sin. Chomh mhaith leis sin, phléigh mé an cheist leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus pléadh é ina dhiaidh sin ag cruinniú den Chomhdháil Angla-Éireannach. Is dócha go bhfuil muinín ag an Taoiseach asam nuair a d'iarr sé orm casadh orthu.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil géarchéim ag coiste Ghlór na nGael i mBéal Feirste mar nach bhfuil aon airgead á chur ar fáil dóibh ó mhí Lúnasa seo caite cé go bhfuil siad ag cur reamhscolaíocht ar fáil do 300 dalta a bheidh ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaelacha ina dhiaidh sin. Nuair a bhí an tAire Stáit ansin nuair a osclaíodh ceannáras Ghlór na nGael, bhí siad ag fáil íocaíocht mhorgáiste ó Oifig Thuaisceart Éireann agus níl sé sin ag dul dóibh ach oiread. Tá géarchéim airgeadais ann agus is í an cheist——

Rófhada ar fad.

Is í an cheist ná an mbeidh an Rialtas sásta cuidiú airgid a thabhairt do choiste Ghlór na nGael Bhéal Feirste tríd an eagraíocht náisiúnta go dtí go mbeidh an ghéarchéim réitithe?

Is dócha go bhfuil a fhios ag an Teachta go bhfuil cás dlí tógtha ag coiste Ghlór na Gael i mBéal Feirste i gcoinne an NIO agus go raibh dhá éisteacht ann go dtí seo. Beidh an cás ag teacht os comhair na cúirte arís Dé hAoine seo chugainn. Chomh maith leis sin, maidir le cúnamh anseo, tá a fhios ag an Teachta go maith nach gcuireann an Roinn airgead ar fáil do na coistí go díreach. Ní thugaimid sa Roinn, nó fiú amháin i mBord na Gaeilge, cúnamh díreach do choiste ar bith sa tír agus ní dóigh liom gur ceart an nós sin a bhriseadh.

Ceist anghairid anois, a Theachta, agus an cheist dheireanach.

Cad é atá á mholadh ag an Aire Stáit do choiste Ghlór na nGael i mBéal Feirste san am i láthair go dtí go réiteofar na deacrachtaí? Cad a dhéanfaidh siad?

Níl shílim gur cheist í domsa, moltaí a chur roimh Ghlór na nGael. Tá an-mhuinín agam as coiste Ghlór na nGael i mBéal Feirste Thiar agus beidh mise sásta éisteacht le moltaí ar bith agus, mar a dúirt mé, tá mé sásta casadh leo am ar bith.

Top
Share