Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1991

Vol. 404 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i gContae Mhaigh Eo.

Enda Kenny

Question:

4 Mr. Kenny asked the Taoiseach if he will outline (a) the number, (b) the category, and (c) the location of each of the 1,000 jobs provided by Údarás na Gaeltachta which were placed in County Mayo in the past 12 months; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go léiríonn an staidéar fostaíochta a rinne an eagraíocht ag deireadh 1990 gur cruthaíodh tímpeall 140 post nua lánaimseartha sa bhliain sin i dtionscail i nGaeltacht Mhaigh Eo a fuair cúnamh uathu. Nuair a chuirtear líon na bpost a cailleadh i rith na bliana sin san áireamh, bhí glanmhéadú de 63 dhuine ar an bhfostaíocht iomlán sa chontae ag deireadh 1990 i gcomparáid le deireadh 1989. Seo a leanas briseadh síos den 140 post sin:

Ceantar

Líon post

Lorras agus Tuaisceart Mhaigh Eo

113

Acaill

16

Tuar Mhic Éadaigh agus Deisceart Mhaigh Eo

11

An tIomlán

140

Bhí 110 den na poist sin i dtionscail dhéantúsaíochta (á bhformhór san earnáil theicstíle) agus an 30 post eile i dtionscail sheirbhíse agus i dtionscail atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha.

Is figiúirí sealadacha iad seo. Foilseofar figiúrí deimhnithe i dTuarascáil agus Cuntais an Údaráis do 1990.

An bhfuil an tAire Stáit sásta nár cuireadh ar fáil ach 140 post i rith na bliana seo caite agus nach bhfuil a fhios aige go maith go bhfuil na Gaeltachtaí seo ag fáil bháis de bharr na himirce? An féidir leis a insint domsa agus don Teach cad a bheidh á dhéanamh aige i mbliana le poist eile a chur ar fáil?

Glacaim leis gur fadhb í, fadhb na difhostaíochta agus na himirce. Thug mé cuairt ar an Ghaeltacht sin agus ar beagnach gach uile paróiste ansin agus tá na fadhbanna céanna againn ar fud na nGaeltachtaí go léir, tionsclóirí a mhealladh go dtí iarthar na hÉireann. Ach tá an Rialtas ag déanamh, i mo thuairimse, sárobair, os rud é go bhfuil atmasféar geilleagrach cruthaithe anois ag an Rialtas, os rud é go bhfuil an t-ús íseal agus an ráta boilscithe íseal, agus go bhfuil muinín ag tionsclóirí as an Rialtas. Sin an rud is tábhachtaí agus tá sé sin déanta. Chomh maith leis sin tá ardú 70 faoin gcéad is é sin, ó £13.8 milliún go dtí £19.1 mhilliún, curtha ar fáil i bhfoirm deontas d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Sin an méid atá á déanamh againn agus leanfaidh mise ar aghaidh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun jabanna a chruthú.

An aontaíonn an tAire Stáit liom gur chuir sé monarcha an-mhór ar bun i nDún na nGall cúpla mí ó shin? Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí i ngach Gaeltacht ach an ndéanfaidh sé tréaniarracht as seo amach poist eile agus monarchana eile a chur ar fáil, go mórmhór do Ghaeltacht Thuar Mhic Eadaigh agus Ghaeltacht Acla atá ag fáil bháis de bharr na himirce.

Tá áthas orm go bhfuil an Teachta ag tabhairt na creidiúna sin domsa, ach ag deireadh thiar thall is ag na tionsclóirí iad féin a bhíonn an focal deiridh maidir leis an gcinneadh sin a ghlacadh. Ar ndóigh, déanfaidh mé gach iarracht agus beidh mé ag caint arís le hÚdarás na Gaeltachta, mar tá a fhios acu na fadhbanna agus na deacrachtaí atá ann. Geallaim duit go ndéanfaidh mé mo sheacht ndícheall chun jabanna a chruthú.

Deir an tAire go bhfuil méadú go dtí £19 milliún i gcóir Údarás na Gaeltachta. An féidir leis a chur in iúl dúinn cé mhéad deontas a íocadh as san chun an 140 post a chur ar fáil?

Níl an t-eolas sin agam ach má chuireann an Teachta ceist síos beidh mise sásta freagra a thabhairt air.

Os rud é go n-admhaíonn an tAire Stáit go bhfuil deacrachtaí agus fadhbanna faoi leith ag baint leis na ceantair mar Mhaigh Eo Thiar agus na ceantair Ghaeltachta go ginearálta, nach féidir leis a admháil chomh maith gur cheart deontais faoi leith agus instealladh airgeadais faoi leith a chur isteach sna háiteanna seo, os rud é go bhfuil siad ar imeall na tíre seo agus ag imeall na hEorpa chomh maith?

Mar a dúirt mé, tá níos mó airgid á chur ar fáil, agus b'fhéidir gur cheart comparáid a dhéanamh idir iarthar na hÉireann, atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta, agus an chuid eile den tír, atá faoi chúram an IDA agus SFADCo. Tá i bhfad níos mó airgid per capita curtha ar fáil, agus cuirfidh sé iontas ar an Teachta, an oiread sin airgid atá á chur ar fáil per capita do Ghaeltachtaí na tíre seo thar mar atá á thabhairt do cheantair eile.

We will now move to questions nominated for priority to the Minister for Education. In Priority Questions we are confined to 15 minutes only under Standing Orders of the House. I seek the co-operation of all concerned to dispose of the five questions within the time prescribed.

Top
Share