Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1991

Vol. 406 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Lonnú Tionscail i gContae Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

8 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad é an dul chun cinn atá déanta ó thús na bliana seo le tionscal úr a fháil do mhonarcha Finne Glas i mBaile na Finne i nDún na nGall; agus an bhfuil aon phleananna eile ann le fostaíocht a fháil don cheantar sin.

Mar a dúirt mé san fhreagra a thug mé ar cheist dála ón Teachta ar 12 Nollaig, tá suim áirithe á léiriú ag dreamanna éagsúla i ngnó a lonnú i monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta i mBaile na Finne atá folamh faoi láthair ach tá sé ró-luath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar an bplé sin.

An aontódh an tAire Stáit gur ceantar é seo Baile na Finne, sa Ghaeltacht Láir, a bhfuil an-fhadhb dhífhostaíocht ann agus go bhfuil géarghá le dul i mbun beartais éigin, agus an bhféadfadh sé a insint cé mhéad blianta ó dúnadh monarcha Fhinne Glas.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil géarghá le poist bhuana a chur ar fáil ansin. Níl a fhios agam cé mhéad blianta atá ann ó dúnadh an mhonarcha i bhFinne Glas ach tá sé rófhada. Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill chun tionsclóirí a mhealladh isteach ansin agus, mar a dúirt mé an uair dheireanach a thug mé freagra ar an cheist seo, deirtear liom nuair a bheidh réamh-mhonarcha ann nach mbeidh deacracht ar bith tionsclóirí a mhealladh isteach. Tá réamh-mhonarcha againn anseo le fada agus tá dhá dhream tar éis cuairt a thabhairt air le trí seachtain anuas. Tá súil agam go mbeidh toradh éigin ann de bharr na gcuairteanna seo.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire Stáit go bhfuil imní ar phobal an cheantair seo maidir leis an easpa dul chun cinn atá ann go dtí seo agus cuireadh é sin in iúl dúinn ag cruinniú poiblí a tionóladh sa cheantar Dé Luain seo caite. An bhféadfadh an tAire teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta agus a iarraidh orthu aire speisialta a thabhairt do cheantar seo?

Tá a fhios agam go raibh cruinniú ag na hionadaithe poiblí Dé Luain seo caite. Bhí comhaltaí de chuid an Údaráis i láthair ag an chruinniú sin freisin agus tá a fhios acu go maith an fhadhb atá ag muintir an cheantair. Tá a fhios acu fosta go bhfuil spéis agam sa cheist seo, agus más gá rachaidh mé chun cainte leis an Údarás arís chun cur in a luí orthu an tábhacht a bhaineann leis seo.

Top
Share