Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1991

Vol. 406 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhís Teilifíse.

Michael D. Higgins

Question:

9 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach ar chas sé féin nó an tAire Stáit i Roinn na Gaeltachta le haon eagraíocht Ghaeilge nó Gaeltachta le ceist Theilifís na Gaeltachta a phlé; má chas, cérbh iad na heagraíochtaí lenar chas sé agus cérbh iad dátaí na gcruinnithe agus an bhfuil sé i gceist aige castáil le haon eagraíocht eile sula nglacfar le cinneadh maidir le bunú sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge.

Ní dóigh liom go bhfuil dualgas ar an Taoiseach nó ormsa eolas a thabhairt faoi na daoine lena gcasann muid ná faoi na h-ábhair a phléann muid leo. Mar atá ráite agam cheana, tá an t-ábhar áirithe seo pléite lena lán daoine againn agus tuigimid go bhfuil tuairimí éagsúla ag daoine faoi.

Cén stádas a bhaineann leis an ráiteas a tugadh ar maidin ar an gclár raidió "Athmhaidin" ar Raidió na Gaeltachta nuair a dúirt cathaoirleach Bhord na Gaeilge go raibh glactha leis an meamram a chuir sé féin agus Pádraig Ó Muircheartaigh chuig an Taoiseach ar 11 Eanáir na bliana seo.

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár "Athmaidin" inniu agus caithfidh mé a rá nach bhfuil freagracht ormsa maidir le hagallaimh a thugann daoine eile.

Níor thug an tAire Stáit freagra ar mo cheist. An bhfuil an ceart ag cathaoirleach Bhord na Gaeilge? An bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas ceannáras a bhunú in áit éigin agus scéim nua ann, teilifís Ghaeilge in áit theilifís Ghaeltachta?

Ní gá d'éinne a cheapadh go nglacfadh an Rialtas le tuairimí ó dhaoine éagsúla. Tagann moltaí ó go leor daoine agus dreamanna agus caithfidh muidne na moltaí sin a scrúdú. I láthair na huaire níl cinneadh ar bith déanta maidir leis an cheist sin.

Ag dul ar ais go dtí ráiteas ag an deireadh seachtaine ón Taoiseach ag an Ard-Fheis agus Dé Domhnaigh nuair a dúirt sé le pobal na hÉireann go mbeadh seirbhís teilifíse trí Ghaeilge ar fáil an bhliain seo chugainn, an bhféadfadh an tAire Stáit a insint don Teach agus dúinne atá go tógáil na ceiste seo seachtain i ndiaidh seachtaine, cén moladh a bhfuil glactha leis: moladh Údarás na Gaeltachta go mbeadh ceannáras Theilifís na Gaeltachta sa Ghaeltacht, nó moladh chathaoirleach Bhord na Gaeilge agus iar-phríomhfheidhmeannach an ESB, a mhol rud éigin eile? Dúradh ar an raidió ar maidin inniu go bhfuil glactha le meamram gairid Mhic Aonghusa agus cé acu ceann a bhfuil glactha leis nó an bhfuil an Rialtas ag iarraidh dallamullóg a chur orainn?

Mar a dúirt mé, níl freagracht ormsa maidir leis an méid atá le rá ag daoine eile ar Raidió na Gaeltachta.

Os rudé go bhfuil sé admhaithe ag an Aire Stáit nach bhfuil bunús leis an ráiteas a tugadh ar maidin ar an raidió, cathain a bheidh an cinneadh déanta?

Ar ndóigh, shíl mé go mbeadh gach duine sásta, go háirithe na Teachtaí atá ag cur na ceiste seachtain i ndiaidh seachtaine, go ndearnadh athdhearbhú maidir le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge. Rinne na Taoiseach é sin ag an Ard-Fheis agus tá áthas ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge maidir leis an cheist seo. Caithfidh foighne a bheith ag an Teachta agus déanfaidh muidne sa Rialtas cinneadh faoi cén áit a mbeidh sé seo lonnaithe. Ní daoine taobh amuigh den Rialtas a bheidh ag glacadh cinneadh mar sin.

Top
Share