Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Mar 1991

Vol. 406 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teorainneacha na nGaeltachtaí.

Michael D. Higgins

Question:

7 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil sé sásta le teorainneacha na nGaeltachtaí mar atá siad agus, mura bhfuil, an bhfuil sé i gceist aige iad a atarraingt.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh dó ar cheist uaidh faoin ábhar seo ar 25 Aibreán 1990 ag colúin 2127 go 2130 den Tuairisc Oifigiúil. Admhaím áfach, go bhfuil ceantair áirithe aitheanta mar cheantair Ghaeltachta le breis is 30 bliain ach nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge á labhairt iontu anois. Is cinnte, áfach, go bhfuil cumas Gaeilge ag na daoine sna ceantair laga sin agus leanfar leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun an teanga a láidriú iontu. Ní dóigh liom go mbeadh sé praiticiúil nó tairbheach ag an bpointe seo na limistéir a atarraingt mar atá i gceist ag an Teachta.

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an fhreagra atá tugtha aige. Rinne sé tagairt freisin don fhreagra a thug sé ar an 25 Aibreán 1990. Ach an bhfuil sé sásta leis na teorainneacha, mar shampla, os rud é go bhfuil siad mar bhunús ag an gcóras rialtais áitiúil, ar bhealach, nuair a bhíonn toghchán ar siúl d'Údarás na Gaeltachta?

De réir na rialacha agus de réir an Achta, sin na teorainneacha atá ann faoi láthair — agus os rud é go bhfuil na daoine laistigh de na teorainneacha sin — tá cead acu vóta a chaitheamh i dtoghchán do Údarás na Gaeltachta.

Is í an cheist a chuir mé ar an Aire Stáit ná, nach nglacann sé leis go bhfuil cás ann go ndéanfaí athbhreithniú ar na teorainneacha, fiú amháin iad a leathnú b'fhéidir, in áiteanna éagsúla.

Má táimid chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt, ceapaimse féin go gcaithfidh muid na daoine sin a mhealladh, agus ní dóigh liom gur freagra ar an gceist é na teorainneacha a atarraingt agus na daoine sin a chaitheamh amach as an Ghaeltacht. Ceapaim féin gur cheart dúinn leanúint ar aghaidh mar atáimid i láthair na huaire. B'fhéidir go bhfuil go leor de na daoine sin ann, agus ní bhíonn an vótáil ró-ard i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, ach ní dóigh liom gur féidir a fhiafraí de dhuine atá ag teacht isteach agus é réidh lena vóta a chaitheamh, an bhfuil Gaeilge agat, nó nach bhfuil, agus scrúdú a chur air roimh ré. Ní féidir é sin a dhéanamh.

Ceapaim gurb é an rud atá i gceist ag an Teachta Higgins ná, an féidir na teorainneacha a leathnú, seachas iad a chúngú. An féidir leis an Aire Stáit a rá linn cad é an caighdeán atá aige nuair a chuirtear Gaeltacht ar bun. An bhfuil sé ar intinn aige an caighdeán sin a athrú chun gur féidir leis na Gaeltachtaí atá ann anois a choimeád mar atá siad, nó iad a leathnú. Tá ceist eile ar an chlár inniu ag fiafraí an féidir leis an Aire Stáit Gaeltacht a bhunú sa chathair seo.

Níl sé soiléir ón cheist cad é atá ar intinn ag an Teachta Higgins. Sílim féin, de réir na bhfocheisteanna a chuir sé ar an 25 Aibreán 1990, go bhfuil sé ag rá gur cheart na teorainneacha a atarraingt agus áiteanna a thógáil amach. Sin de réir na sonraí atá agamsa.

Is é an prionsabal atá taobh thiar den cheist seo ná, an teorainneacha teibí atá i gceist ag an Aire Stáit nó an bhfuil sé dáiríre faoi theorainneacha na Gaeltachta?

Tá mé dáiríre faoi seo. Thug mé cuairt ar gach uile Ghaeltacht sa tír seo agus bhí mé tógtha le caighdeán na Gaeilge in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, áiteanna ar cheap mé iad a bheith imeallach go leor ó thaobh na Gaeltachta de. Tá mé sásta leis na limistéir atá ann iláthair na huaire. Ar ndóigh, beidh muid sásta áit ar bith a scrúdú agus má tá moltaí ag Teachta ar bith, agus más é an tuairim atá aige gur cheart áit a athscrúdú ó thaobh iad a chur isteach nó ó thaobh iad a thógáil as cuirtear faoi mo bhráid iad.

An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl cad iad na coinníollacha a mbeadh sé ag súil go gcomhlíonfadh cheantar áirithe le bheith aitheanta mar cheantar Gaeltachta?

Tá an freagra sin le fáil i gCeist 9. Tá an t-eolas ar fad le fáil in Orduithe Limistéir Ghaeltachta 1956, 1967, 1974 agus 1982 agus is féidir liom é sin a chur ar aghaidh nó, más mian leis an Teachta is féidir liom é a thabhairt dó anois.

Ceist 8 anois.

Top
Share