Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 May 1991

Vol. 407 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Plean Forbartha Oileán Thoraí.

Dinny McGinley

Question:

7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le plean forbartha Oileán Thoraí.

Maidir le ceist na saoráidí calaíochta ar an oileán, tuigim nach bhfuil an suirbhé ar dhoimhneacht an uisce a luaigh mé san fhreagra a thug mé ar Cheist Dála ar 11 Nollaig 1990 críochnaithe go hiomlán fós. Faoi mar is eol don Teachta, tá deontas lánchostais de £66,000 ceadaithe ag mo Roinnse do na suirbhéanna éagsúla agus do staidéar mion-samhail.

Tá deontas de £25,000 ceadaithe freisin ag mo Roinnse chun a chumasú do chomharchumann an oileáin stór nua a thógáil agus tá an deontas reachtála a íoctar leis an gcomharchumann méadaithe go £18,000 in aghaidh na bliana le héifeacht ó thús na bliana seo.

Tá mé buíoch den Aire as an méid eolais a thug sé ansin ach tá sé breis agus dhá bhliain anois ó lainseáladh an plean agus is iad na mór-rudaí a bhí ann ná calafort ceart, aerstráice agus, is dócha, bád farantóireachta. An bhféadfadh an tAire aon tuairim a thabhairt cén uair a bheidh aon cheann de na trí cinn seo faoi réir.

Mar a dúirt mé sa fhreagra, táimid ag fanacht le níos mó eolais. Is dócha go n-aontóidh an Teachta liom nár tharla mórán go dtí thart fá 1987-88 nuair a chuir muidne airgead ar fáil le haghaidh an tsuirbhé seo, £66,000, agus chomh luath agus atá an t-eolas breise agam, ní chuirfidh mé moill ar bith air seo agus déanfaidh mé an-iarracht chun an t-airgead a fháil le haghaidh na forbartha seo. Maidir le haerstráice agus aersheirbhís don oileán, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an cheist seo á scrúdú fós. Tá súil acu go dtiocfar ar chinneadh sa chás seo gan mhoill.

An mbeidh seirbhís fharantóireachta idir Toraí agus an mhór-thír fá choinne an tséasúir thurasóir-eachta atá ag druidim linn?

Tá a fhios agam go bhfuil fonn ar Údarás na Gaeltachta, agus foinn orainn go léir, go mbeadh an cineál seo seirbhíse ar fáil. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil caint-eanna ag dul ar aghaidh idir iad agus comhlachtaí a bhfuil suim acu i seirbhís a chur ar fáil.

Top
Share