Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 May 1991

Vol. 407 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comhaltaí Bhord Údarás na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

8 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cé mhéad ball ainmnithe atá ar bhord Údarás na Gaeltachta; an dáta ar ceapadh gach ball acu; agus an dáta a mbeidh a dtéarma críochnaithe.

Tá seisear comhalta ainmnithe ar Údarás na Gaeltachta, beirt a ceapadh ar 1 lúil 1986, duine amháin a ceapadh ar 10 Meán Fómhair 1986, agus triúr (an Cathaoirleach san áireamh) a ceapadh ar 24 Meitheamh 1989.

Beidh an tréimhse cheapacháin istigh i ngach cás ar 30 Meitheamh 1991.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl an mbeidh sé ag ceapadh ball úr roimhe sin nó ina dhiaidh sin, nó an bhfuil aon tuairim aige cén uair a bheifear á gceapadh.

Is dócha go mbeidh orainn fanacht go dtí go ndéanfar na ceapacháin ach ní tharlóidh sé sin roimh 30 Meitheamh 1991.

We are now embarking on five questions nominated for priority for which a strict time limit applies under Standing Orders of the House — 15 minutes only. I crave the indulgence of the Members concerned to dispose of the five questions within the time laid down in Standing Orders.

Top
Share