Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh suim thart ar £1.458 milliún san iomlán i leith 144 thionscal i nGaeltacht Chiarraí sa thréimhse ó 1 Eanáir 1987 to dtí 31 Nollaig 1990. Tá eolas faoi na híocaíochtaí do chuideachtaí ar leith do na blianta 1987 to dtí 1989 le fáil i dtuarascálacha agus cuntais an Údaráis do na blianta sin atá foilsithe. Foilseofar an t-eolas céanna maidir le 1990 i dtuarascáil agus cuntais na bliana sin.
Maidir leis an líon daoine atá fostaithe sna tionscail dá dtagraítear thuas tuigtear ón Údarás go raibh 262 dhuine fostaithe go lánaimseartha agus 233 dhuine go páirtaimseartha/go séasúrach iontu ar 31 Nollaig 1990 — an dáta is déanaí a bhfuil figiúirí fostaíochta ar fáil ina leith.