Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Nov 1991

Vol. 413 No. 6

Written Answers. - Pobalscoil Ghaoth Dobhair (Dún na nGall).

Dinny McGinley

Question:

134 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas ar lámh aige maidir le méadú a chur le Pobalscoil Ghaoth Dobhair; cén dáta ar fritheadh an t-iarratas ina Roinn; cén méadú atá i gceist; agus cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an iarratas.

I mí Meán Fómhair seo caite, fuarthas iarratas ó Phobalscoil Gaoth Dobhair ar chóiríocht bhreise sa scoil d'fhoirgneolaíocht, do mhiotalóireacht agus d'eacnamaíocht bhaile.

Tá an t-iarratas faoi bhreithniú faoi láthair agus déanfar an cinneadh cuí chomh luath agus is féidir. Ní féidir a rá ag an bpointe seo cén fhaid a thógfaidh an bhreithniú.

Top
Share