Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1992

Vol. 416 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhís Náisiúnta Teilifís Ghaeltachta.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an é polasaía Roinne seirbhís náisiúnta teilifís Ghaeltachta a bhunú; agus cén uair a bhfuil súil aige go mbeidh an tseirbhís faoi lán tseoil.

Aithnítear go forleathan go bhfuil tionchar mór ag an teilifís ar shaol an lae inniu agus go bhféadfadh an-tionchar a bheith ag seirbhís oiriúnach lán-Ghaeilge ar chur chun cinn agus ar chaomhnú na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Go pearsanta aithním féin an gá atá le cláracha fiúntacha trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal Gaeilge na tíre.

Is eol don Teachta go ndearnadh a lán moltaí faoin ábhar seo le roinnt blianta anuas agus tá na féidireachtaí go léir a bhaineann leis an gceist chasta seo á scrúdú go fóill againn. Caithfear a aithint, áfach, go mbainfeadh costas mór le bunú stáisiún nua chun freastal ar an nGaeilge.

Ba mhaith liom cur leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaí, an Teachta Kenny, agus comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire as a phost úr mar Aire na Gaeltachta. Chuir sé áthas orm nuair a chuala mé an tAire agus an Tanáiste ag rá ar Raidió na Gaeltachta go mbeidh sé ag glacadh páirt ghníomhach in imeachtaí na Roinne agus tá súil agam go ndéanfar níos mó dul chun cinn ar an cheist atá á plé againn, fad agus tá an tAire ansin, ná mar a rinneadh le cúpla bliain anuas.

Is í an cheist a ba mhaith lion a chur ar an Aire ná, an bhfuil aon mholtaí ag Roinn na Gaeltachta féin nó ar chuir siad aon mholtaí dá gcuid féin ar fáil maidir le seirbhís teilifíse trí Ghaeilge. Tuigim gur cuireadh moltaí ar fáil agus gur cuireadh ar aghaidh chuig Roinn an Taoisigh iad, sin chuig an iar-Thaoiseach. An bhféadfadh an tAire a rá cad a bhí sna moltaí agus cén áit a bhfuil siad, agus ar cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn Cumarsáide iad?

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht na fáilte a d'fhear tú romham agus roimh mo leathbhádóir, an tAire Stáit. Tá súil agam go mbeimid ábalta feabhsú ar chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níl mé ag admháil go ndearnadh faillí sna cúrsaí sin le blianta beaga anuas. Mar is eol don Teachta, tá tuarascáil ann ón meitheal oibre a bunaíodh sa bhliain 1986 — sín nuair a bhí an Comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht — agus tá na moltaí sin againn sa Roinn. Tar éis sin d'iarr an t-iar-Thaoiseach, a luaigh an Teachta, ar Údarás na Gaeltachta tuarascáil a ullmhú agus tá a fhios ag an Teachta gur ceapadh Stokes Kennedy Crowley chun an socrú sin a dhéanamh. Chuir siadsan tuarascáil faoinár mbráid agus bhí an tuarascáil sin i bhfábhar bhunú telefís na Gaeilge nó na Gaeltachta — tá idirhealú le déanamh eatarthu. Tá mise anois ag teacht isteach le grinnstaidéar a dhéanamh ar na moltaí sin agus tá mé a dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, bean chumasach ó Chonamara, agus tá súil agam go n-éireoidh linn rud éiginn a dhéanamh.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo chomhghleacaí féin as an dáilcheantar a choinnigh a shuíochán ar chúl an Aire ansin agus a leanfaidh ar aghaidh lena chuid oibre. Tá sé déanta go príobháideach agam leis roimhe seo, agus tá lúcháir orm go bhfuil sé ansin fosta le tacaíocht a thabhairt don Aire san fheachtas seo, agus, mar a dúirt an Teachta Kenny "tar éis na Féile Bríde tá súil agam go n-ardóidh tú do sheol" agus go dtabharfaidh tú cuairt, ní amháin ar Chlár Cloinne Mhuiris agus Ghaeltacht Mhaigh Eo, ach ó thuaidh agus ó dheas chomh maith. Agus é sin ráite agam, ba mhaith liom a fhiafraí den Aire an mbeidh siad ábalta seasamh leis an gheallúint atá tugtha chomh minic sin ag an iar-Thaoiseach, go gcuirfí an tseirbhís seo ar bun i rith na bliana seo 1992, agus go mbeidh sé ag craoladh go rialta i 1993.

Tá sé de nós againne beart a dhéanamh de réir ár mbriathair agus tá súil agam go mbeimid ábalta rud éigin a dhéanamh. Anois, maidir le 1992, níl a fhios agam, b'fhéidir. Tá an dá b'fhéidir ann. Mar a dúirt mé cheana agus mé ag tabhairt freagra, tá sé an-chostasach ar fad, agus tá a fhios ag an Teachta go bhfuil sé sin fíor. Beidh mise ag dul i gcomhairle leis an Aire Stáit agus leis an Aire Cumarsáide chun é seo a chur ar aghaidh.

Top
Share