Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Mar 1992

Vol. 416 No. 7

Written Answers. - Stádas na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh.

Dinny McGinley

Question:

89 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil sé sásta glacadh leis an ísliú ar stádas na Gaeilge mar ábhar iontrála do Ollscoil Luimnigh.

Tá mo Roinnse tar éis ceist na Gaeilge maidir leis na riachtanais iontrála d'Ollscoil Luimnigh a ardú le húdaráis na hollscoile. Tuigim go bhfuil na rialacháin chuí faoi athbhreithniú ag údarás na hollscoile.

Tá mé dóchasach go mbeidh toradh sásúil ar an athbhreithniú sin.

Top
Share