Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. a 9 agus Uimh. a 10 le chéile.
Maidir leis na saoráidí calaíochta ar Oileán Thoraí, cheadaigh Roinn na Gaeltachta deontas lánchostais £76,000 chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna áirithe agus staidéar mionsamhail a dhéanamh d'fhonn a aimsiú cad iad na muiroibreacha is fearr a d'fhreastalódh ar mhuintir Thoraí. Tá na suirbhéanna déanta agus tá an staidéar mionsamhla ar siúl i láthair na huaire. Nuair a bheidh an staidéar sin críochnaithe, déanfar pleananna a dhearadh agus ullmhófar meastachán costais. Déanfar tuilleadh staidéir ar an cheist nuair a bheidh an t-eolas sin ar fáil.
Maidir le haerstráice don oileán, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil suíomh aitheanta agus dearadh don aerstráice ullamh. Is gné bhunúsach den togra, áfach, aersheirbhís a chur ar fáil agus tá an cheist áirithe sin á scrúdú ag an Údarás. Beidh an togra in iomlán idir aerstráice agus aersheirbhís le bhreithniú go cúramach ag an Údarás i dtráth chuí agus, má shocraíonn siad gur chóir dul ar aghaidh leis, tar éis dóibh an costas a bhainfeadh leis a chur san áireamh, beidh an cás le cur faoi bhráid mo Roinne-se le scrúdú.
Táim cinnte gur mhaith leis an Tánaiste agus Aire na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar an oileán amach anseo.