Eamon Gilmore
Question:64 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais an bhféadfadh sé na figiúirí ar, (a) líon na ndaltaí sa tír a ghlac an Mheánteist sna blianta 1989, 1990, 1991, (b) líon na ndaltaí a ghlac an Ghaeilge ardleibhéal sna blianta sin, (c) líon na ndaltaí a ghlac an Ghaeilge gnáthleibhéal sna blianta sin, (d) líon na ndaltaí a ghlacfaidh na páipéirí, (i) bunleibhéal, (ii) meánleibhéal agus (iii) ardleibhéal sa Ghaeilge sa siollabas nua i 1992 a sholáthar.