Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 May 1992

Vol. 419 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aran Islands Pier Facilities.

Pádraic McCormack

Question:

15 Mr. McCormack asked the Minister for the Gaeltacht the work which has been financed by his Department to provide pier facilities for the Aran Islands; and if he will make a statement on the matter.

Glacaim leis gurb iad na hoibreacha ar mhaithe leis an tseirbhís farantóireachta go hInis Meáin agus go hInis Oírr atá i gceist ag an Teachta. Le cabhair deontais £250,000 ó mo Roinnse, tá Roinn na Mara i láthair na huaire ag déanamh na staidéar atá riachtanach chun suíomhanna oiriúnacha a aithint ar an dá oileán do na hoibreacha atá ag teastáil agus chun pleananna a réiteach do na hoibreacha sin. Tá mé ag súil go mbeidh an t-eolas seo go léir agam roimh dheireadh na bliana seo.

Mar áis don tseirbhís farantóireachta san idirlinn, chuir mo Roinnse suim £115,000 ar fáil chun a chumasú don dá chomharchumann áitiúla — Comharchumann Inis Meáin agus Comhar Caomhán, Inis Oírr — muiroibreacha a dhéanamh ar an dá oileán chun na saoráidí a bhí ar fáil a fheabhsú. Tuigim gur cuidiú mhór iad na hoibreacha sin agus go mbeifear in ann feidhm leanúnach a bhaint astu mar áiseanna do na hoileánaigh, fiú tar éis do mhuiroibreacha a bheith déanta amach anseo chun freastal ar an tseirbhís farantóireachta.

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an fhreagra sin ach fuair mé an freagra céanna i mí an Mhárta agus níl faic na fríde déanta faoi phaisinéirí agus lasta ag dul isteach do na hoileáin.

Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte é sin a rá agus ní dóigh liom gur féidir le muintir Inis Meáin ná Inis Oírr a rá nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi seo. Tá £250,000 curtha ar fáil do Roinn na Mara chun an staidéar atá riachtanach a dhéanamh. Sin pointe a haon. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna ag na hoileánaigh ó thaobh sheirbhís fharantóireachta de agus san idirlinn chuireamar £115,000 ar fáil chun a chumasú don dá chomharchumann áitiúla ar Inis Meáin agus Inis Oírr, muiroibreacha a dhéanamh ar an dá oileán chun na saoráidí atá ar fáil a fheabhsú. Beidh sé sin ag feidhmiú go leanúnach ina dhiaidh seo. Tá cuid mhaith den airgead seo íoctha cheana. Tá £70,000 íoctha le hInis Meáin agus, maidir le hInis Oírr, tá deontais de £45,000 ceadaithe a bhfuil £40,000 íoctha cheana. Is iad muintir na n-oileán atá ag déanamh na hoibre agus ba mhaith liom iad a mholadh.

Top
Share