d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé na foilseacháin Ghaeilge a fhaigheann airgead ó Roinn na Gaeltachta a liostáil; cén méid airgid atá i gceist i ngach cás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilseacháin Ghaeilge.
Tá an t-eolas i dtaobh na bhfoilseachán ar leith i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Ina theannta sin, ní miste dom a lua go bhfuil scéim ag mo Roinnse chun cuidiú le hirisí áitiúla sa Ghaeltacht, agus íocadh suim £2,850 faoin scéim sin sa bhliain 1991.
Foilseacháin a fhaigheann cúnamh ó Roinn na Gaeltachta.
Foilseachán |
Deontas in aghaidh an eagráin |
Foilsithe gach |
£ |
||
Anois |
3,000 |
seachtain |
Agus |
475 |
mí |
An Gael Óg |
300 |
ocht n-uaire sa bhliain |
An Sagart |
400 |
ráithe |
An Timire |
300 |
ráithe |
An tUltach |
900 |
mí |
Comhar |
1,000 |
mí |
Feasta |
450 |
mí |
Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit an bhfuil cabhair á tabhairt don nuachtán seachtainiúil "Anois", agus an gcuirfidh sé in iúl dúinn cad é an sórt tacaíochta atá á tabhairt don nuachtán seo, cé mhéad duine atá fostaithe ag "Anois", cé mhéad duine a léann é agus an bhfuil aon chuntais á bhfoilsiú ag an nuachtán.
Mar a dúirt mé cheana, cuirfidh mé an t-eolas thart leis an tuairisc oifigiúil. Maidir leis an cheist a chuir an Teachta de Rossa, tá deontas in aghaidh an eagráin de £3,000 sa tseachtain ar fáil ag "Anois". Maidir le díolaíocht an nuachtáin, tá meándíolachán de idir 4,000 agus 4,500 in aghaidh na seachtaine aige, de réir na bhfigiúirí a cuireadh chugam don bhliain 1991. Chomh maith leis sin tá deontas speisialta de £25,000 anuas air sin á chur ar fáil do "Anois" i mbliana. Beidh uas-mhéid de £5,000 iníoctha má bhaintear amach spriocanna áirithe díolacháin. Caithfidh mé féin a rá nach bhfuil mé sásta le díolachán "Anois" agus dúirt mé sin roimhe seo. Bhí cruinniú ag Aire na Gaeltachta le lucht stiúrtha "Anois" faoin cheist chéanna. Caithfear rud éigin a dhéanamh murar féidir an meándíolachán a ardú go luath.
Is dócha go mbeadh gach duine sa Teach seo sásta tacaíocht a thabhairt do pháipéar seachtainiúil Gaeilge dá mba rud é go raibh díolachán sásúil air. An gceapann an tAire Stáit gurb é polasaí eagarthóireachta an nuachtáin, idir ailt agus eile, atá ina chúis leis an díolachán bheith chomh híseal sin. Is dócha go bhfuil thart ar leathmhilliún duine ar a laghad sa tír seo gur féidir leo páipéar Gaeilge a léamh ach ní dóigh liom go bhfuil "Anois" ag déanamh aon rud chun na daoine seo a mhealladh.
Tá a fhios agam go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill. Níl foireann rómhór acu, ach tá mé cinnte go bhfuil a lán daoine sa tír atá báúil le páipéar Gaeilge. Is ceist é seo do lucht stiúrtha "Anois". Caithfidh siad, mar sin, cúrsaí a chur in ord agus tréaniarracht a dhéanamh chun an díolachán a ardú. Caithfear a rá nach féidir a cheapadh go mbeidh Roinn na Gaeltachta nó an Rialtas ábalta leanstan ar aghaidh ag dáileadh suimeanna móra airgid mar seo.
Nach gceapann an tAire Stáit nach bhfuil daoine sásta a thuilleadh páipéar Gaeilge a cheannach díreach de bharr go bhfuil sé as Gaeilge amháin — go gcaithfear ailt shuimiúla a bheith ann a mheallfadh an gnáthdhuine chun a léamh agus nach bhfuil "Anois" ag iarraidh an margadh sin a aimsiú.
Aontaím leis an Teachta de Rossa go gcaithfidh ailt shuimiúla a bheith ann más mian le nuachtán ar bith a leithéid a mhealladh. Ach, mar a dúirt mé, is feasach do lucht stiúrtha "Anois" na tuairimí atá ag Roinn na Gaeltachta faoi cheist seo an díolacháin, go gcaithfear é a mhéadú. Beimid ag coinneáil súil ghéar ar na cúrsaí seo amach anseo.