Togfaidh mé Ceisteanna Uimh. 207 go 210 le chéile.
Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá nach bhfuil ionad oiliúna bunaithe ar Eastát Bhaile Uí Chonaill, An Fál Carr-ach. Tá dhá thogra faoi Chlár NOW agus dhá thogra faoi Chlár EUROFORM á reachtáil i mBaile Uí Chonaill i 1992/'93 ag baint úsáid as na háiseanna atá sna foirgnimh ar an Eastát sin. Is tionscnaimh de chuid an Chomhphobail Eorpaigh atá sna Cláir sin, arb í an Roinn Fiontair agus Fostaíochta an áisínteacht náisiúnta don tír seo ina leith. Is grúpaí áitiúla atá i bhfeighil na dtograí faoi Chlár EUROFORM agus is grúpa áitiúil agus Rannóg Seirbhísí Oiliúna Udarás na Gaeltachta atá i bhfeighil na dtograí faoi Chlár NOW. Tá 35 faoin gcéad de chostas na dtogra á íoc ag an Údarás agus tá an fuílleach á airgeadú ag an gComhphobal.
Maidir leis na ceisteanna sonracha ón £118,400 íoctha mar dheontais ag an Údarás go dtí seo i leith na dtograí í gceist; fógraíodh poist mar lucht riaracháin/comhordaithe sa ghnáthbheal-ach agus bunaíodh boird agallaimh chun na poist sin a líonadh; roghnaíodh teagas-cóirí oiriúnacha de réir riachtanas agus cáilíochtaí chun oiliúint a thabhairt do na daoine atá ag freastal ar na cúrsaí; ní féidir costas cruinn i leith oiliúna in agh-aidh an duine a thabhairt go dtí go mbeidh na cúrsaí críochnaithe agus toisc nach bhfuil na cúrsaí críochnaithe, níl fostaíocht faighte nó cruthaithe go fóill ag lucht na gcúrsaí.