Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Written Answers. - Family History Research Programme.

John Bruton

Question:

85 Mr. J. Bruton asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will extend the data base for the family history research programme to include records taken from gravestones in addition to paper records.

Gravestone records will be installed on the family history data base being created within the Irish Genealogical Project. However it may be about three years before extensive work on this major record source can begin.

Robert Molloy

Question:

87 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Oifig an Rúnaí/Ceannoifig a Roinne a aistriú chuig Na Forbacha, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Tá obair áirithe de chuid mo Roinne á déanamh in oifig dá chuid sna Forbacha ó 1980 agus níl aon phleananna agam chun Ceannáras na roinne (ar a n-áirítear Oifig an Rúnaí) a aistriú ansin.

Robert Molloy

Question:

88 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil le haghaidh obair dheisiúcháin ar ché Chill Mhuirbhigh, Inis Mór, Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe.

Donegal South-West): Tá ceist feabhsú na saoráidí calaíochta ag cé Chill Mhuirbhí á meas ag mo Roinnse faoi láthair i gcomhar le Roinn na Mara. Déanfar cinneadh a luaithe is féidir.

Ina theannta sin tá iarratas ar chúnamh chun creimeadh cósta ag trá Chill Mhuirbhigh a leigheas á mheas ag mo Roinnse. Sa chás sin, freisin, déanfar cinneadh chomh luath agus is féidir.

Robert Molloy

Question:

89 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé airgead ar fáil le haghaidh droichid nua ar an mbealach isteach chuig Inis Ní, Contae na Gaillimhe, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Donegal South-West): Luadh costas thart ar £600,000 leis an obair seo in 1983 nuair a d'iarr Comhairle Chontae na Gaillimhe cúnamh ina leith. Ní fhéadfaí freastal ar an iarratas ag an am cheal airgid.

Níl aon iarratas faighte ón gcomhairle chontae ó shin i leith, ach fiú dá bhfaighfí, níl aon soláthair i Meastachán mo Roinne-se i mbliana chun freastal ar an gcaiteachas ollmhór a bheadh i gceist anois.

Robert Molloy

Question:

90 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an aon-taíonn sé go bhfuil an bonneagar easpach i mórán réigiún Gaeltachta; agus an gcuirfidh sé in iúl an bhfuil aon tairiscint aige feabhsúcháin a dhéanamh.

Donegal South-West): Ar ndóigh, is ar Ranna eile atá an fhreag-racht maidir le mórchuid de bhunstruch-túr na Gaeltachta.

Tá aitheanta ag mo Roinnse le fada an gá atá le bunstruchtúr na Gaeltachta a láidriú agus tá scéimeanna á reachtáil aici d'fhonn an scéal a fheabhsú. Dá chomh-artha sin, tá airgead suntasach caite ag mo Roinnse thar na mblianta ar dheisiú agus feabhsú bóithre, ar mhuiroibreacha, ar scéimeanna uisce agus séarachais agus ar fhorbairt chomharchumainn. Ar ndóigh, is cuid thábhachtach den bhun-struchtúr chomh maith áiseanna spóirt agus caithimh aimsire agus tá cúnamh nach beag tugtha ag mo Roinnse freisin chun na háiseanna sin a fheabhsú do mhuintir na Gaeltachta.
Le blianta anuas chuir Údarás na Gaeltachta feabhas ar na aerstráicí ar na hOil-eáin Árann agus in áiteanna eile ar an mórthír.
Tuigim go maith, ar ndóigh, go bhfuil easnaimh ann fós ach féadfar talamh slán a dhéanamh de go mbeidh mé ag treisiú na hiarrachtaí chun breis airgid a fháil d'fhonn bunstruchtúr na gceanntar Gaeltachta a fheabhsú tuilleadh le cabhair ó Chistí Struchtúrtha an Chomhphobail Eorpaigh.

Robert Molloy

Question:

92 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon chabhair a thabhairt do na Gaelscoileanna le foirgn-imh agus áiseanna scoile a chur ar fáil nach bhfuil ar fáil cheana féin ó aon Roinn eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Donegal South-West): Ó thráth go chéile tugann mo Roinnse cúnamh do scoileanna sa Ghaeltacht d'fhonn cabhrú leo trealamh ar nós ríomhairí, gléasanna cóipeála, etc., a cheannach. Tugtar cúnamh ar ócáidí freisin do scoileanna lán-Ghaeilge d'áiseanna nach mbíonn cúnamh le fáil acu ina leith ón Roinn Oideachais. I gcásanna mar sin ní mór a léiriú go mbainfidh ní amháin an scoil féin ach an pobal áitiúil i gcoitinne tairbhe as na háiseanna.

Caithfidh mé a rá, áfach, nach bhfuil ach soláthar an-teoranta ar fáil cun freastal ar chaiteachas den chineál atá luaite agam.

Robert Molloy

Question:

94 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cén tairiscint atá aige chun forbairt scríbhneoireacht agus foils-itheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.

Donegal South-West): Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le nua scríbhneoireacht na Gaeilge agus le deiseanna iomchuí chun í a fhoilsiú ó thaobh cur chun cinn na teanga de. Ar an ábhar sin, chuir mo Roinnse suim £255,000 ar fáil anuraidh do Bhord na Leabhar Gaeilge chun a chumasú d'fhoilsitheoirí 77 leabhar a fhoilsiú. Ina theannta sin, íocadh suim £226,830 i leith tréimhseacháin éagsúla, ar a n-áirítear an nuachtán seachtainiúil Anois. I mbliana tá suimeanna £270,000 agus £235,000 faoi seach curtha ar leat-aobh do Bhord na Leabhar Gaeilge agus d'fhoilsiú tréimhseachán Gaeilge.

Is léir ón méid sin go bhfuil iarracht nach beag á déanamh ag mo Roinnse chun an scríbhneoireacht agus an fhoils-itheoireacht trí mheán na Gaeilge a spreagadh.

Top
Share