Trevor Sargent
Question:74 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Leasa Shóisialaigh an dtabharfadh sé sonraí de na rannóga éagsúla laistigh dá Roinn inar féidir le daoine seirbhís a fháil trí mheán na Gaeilge.
Vol. 430 No. 6
74 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Leasa Shóisialaigh an dtabharfadh sé sonraí de na rannóga éagsúla laistigh dá Roinn inar féidir le daoine seirbhís a fháil trí mheán na Gaeilge.
Sé ghnáthpholasaí mo Roinne seirbhís tré Ghaeilge a thabhairt don phobal nuair a iarrtar é. Chuige seo tá áiseanna ann le cinntiú go mbíonn gach rannóg in ann feidhmiú as Gaeilge leis an bpobal. Chomh maith le sin tá bileoga eolais agus foirmeacha ar fáil trí mheán na Gaeilge ón Roinn. Tá na proiseálaithe focal a úsáidtear sa Roinn in ann comhfhreagras trí Ghaeilge a láimhseáil.