Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1993

Vol. 431 No. 4

Written Answers. - Galway Pier Developments.

Robert Molloy

Question:

81 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will make a grant available to Galway County Council to assist in the development of a suitable pier at Bertraghboy Bay to facilitate the development of the aquaculture industry in the area; and if he will make a statement on the matter.

Níl aon togra mar sin á mheas ag mo Roinnse faoi láthair ach, ar ndóigh, déanfar an cheist a scrúdú ach iarratas cuí a fháil mar aon le sonraí faoi na riachtanais.

Robert Molloy

Question:

82 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will make a grant available to Galway County Council to assist in the development of a suitable pier at Kilkieran Bay to facilitate the development of the aquaculture industry in the area; and if he will make a statement on the matter.

Tá iarrtha ag mo Roinnse ar Roinn na Mara comhairle a chur uirthi maidir leis na háiseanna atá riachtanach chun freastal ceart a dhéanamh ar iascairí shliogéisc an cheantair seo. Nuair a bheidh moltaí ar fáil ó Roinn na Mara, breithneofar an cheist tuilleadh.

Robert Molloy

Question:

83 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will approve Galway County Council's proposals for improvements at Spiddal Pier, County Galway.

Níl aon mholtaí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi bhráid mo Roinne-se faoi láthair i ndáil leis an bpiara seo. Tá roinnt eolais iarrtha againn ón gComhairle maidir le hoibreacha a lorgaíodh cúnamh uainn ina leith ach níl freagra faighte ón gComhairle fós.

Robert Molloy

Question:

84 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will approve Galway County Council's proposals for improvements at Kilmurvey Pier, Aran Islands, County Galway.

Níl aon mholtaí reatha faoi bhráid mo Roinne-se ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le feabhsú na saoráidí calaíochta ag an áit sin.

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teachta le déanaí, áfach, tá ceist feabhsú na saoráidí calaíochta ag cé Chill Mhuirbhí á meas ag mo Roinn féin láthair i gcomhar le Roinn na Mara. Déanfar cinneadh a luaithe is féidir.

Robert Molloy

Question:

85 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will approve Galway County Council's proposals for improvements at Kilronan Pier, Inis Mór, County Galway.

Cheadaigh mé deontas lánchostais nach rachaidh thar £107,000 le déanaí chun a chumasú do Roinn na Mara aghaidh nua a chur ar phiara Chill Rónáin agus chun méadú a chur leis an bhfánán.

Déanfar an obair seo a luaithe is féidir.

Top
Share