Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Jun 1993

Vol. 432 No. 3

Written Answers. - Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.

Trevor Sargent

Question:

89 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais an bhfuil sé i gceist plean fostaíochta don tseirbhís phoiblí a thabh-airt isteach chun daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a earcú, lena chinntiú go mbeidh státseirbhísigh in ann freastal ar dhaoine trí Ghaeilge.

Is leis an státseirbhís amháin a bhaineann an fhreagracht dhíreach atá orm maidir le hearcaíocht. Tugann Coimisiún na Stát-seirbhíse marcanna breise d'iarrthóirí ar féidir leo a léiriú go bhfuil cumas acu i nGaeilge agus i mBéarla. Níl aon phleananna ann ceanglas a dhéanamh go mbeidh iarrthóirí líofa i nGaeilge ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an líofacht sin mar gheall ar chineál na hoibre.

Trevor Sargent

Question:

90 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais cén céatadán de phost-anna sa tseirbhís phoiblí a chuirfear i leataobh gach bliain do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.

A mhéid a bhaineann leis an státseirbhís ceanglaítear cumas chun obair a dhéanamh trí Ghaeilge i gcás post áirithe sa Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus sa Roinn Oideachais, mar shampla. Thairis sin ní gnách go mbeadh céatadán sonraithe de phoist curtha ar leataobh do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge.

Top
Share