Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Jun 1993

Vol. 432 No. 4

Written Answers. - Deontais DÁiseanna Spóirt.

Dinny McGinley

Question:

89 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aige ó Scoil Nái-siúnta Mhachaire Rabhartaigh i nDún na nGall le haghaidh deontais d'áiseanna spóirt timpeall na scoile; cén dáta a frítheadh an t-iarratas; cad é méid an deontais atá á lorg; an bhfuil deontas ceadaithe; agus, má tá, cén uair a íocfar é.

Donegal South-West): Fuarthas iarratas ó Bhord Bainistíochta na scoile sin i mí na Nollag 1992 ar dheontas £5,775 mar chabhair chun oibreacha feabhsú-cháin a chur i gcrích ar chlós na scoile, a úsáidtear freisin mar Choláiste Gaeilge i rith an tsamhraidh. Ós rud é go bhfuil roinnt oibreacha a rinneadh ar thimpeall-acht na scoile airgeadaithe ag an Roinn Oideachais, tá an t-iarratas á mheas againn i gcomhairle leis an Roinn sin d'fhonn a chinntiú nach mbeadh an dá Roinn ag airgeadú na n-oibreacha céanna.

Top
Share