Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Jul 1993

Vol. 433 No. 5

Written Answers. - Deontas Gaeltachta.

Éamon Ó Cuív

Question:

131 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta deontas Gaeltachta a cheadú do dhuine (sonraí tugtha), duine atá tagtha abhaile as Sasana agus a bhfuil a chlann á tógáil le Gaeilge aige.

Donegal South-West): Ní raibh oifigí mo Roinnse sásta go raibh gnáthchónaí ar an teaghlach seo sa Ghaeltacht nuair a tógadh an teach agus de bhrí nach raibh an coinníoll reachtúil sin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) Comhlíonta ní raibh aon dul as ag mo Roinn ach an t-iarratas a dhiúltú.

Comhairlíodh dó iarratas a chur ar aghaidh go dtí mo Roinnse faoi Scéim Spreagtha na Gaeilge nuair a bheidh coinníollacha na scéime sin comhlíonta aige agus níor tháinig aon iarratas uaidh fós.
Top
Share