Tá mé buíoch díot as ucht cead a thabhirt dom an cheist seo tharraingt anuas anseo anocht. Tá coiste na Gaelscoile seo ag iarraidh aitheantas a fháil don Ghaelscoil ón Roinn agus aitheantas do cheapachán an Phríomhoide.
Tá Cnoc na Cathrach ar imeall chathair na Gaillimhe agus tá sé ar imeal Gaeltacht na Gaillimhe. Tá 1,700 tithe tógtha sa cheantar seo le 10 mbliana anuas. Cé gur tógadh an méid sin tithe agus cé go bhfuil clanna éagsúla ina gcónaí ann, níor tógadh aon bhunscoil speisialta don cheantar. Tá formhór na bpáistí ag freastal ar scoileanna éagsúla atá idir, leathmhíle agus trí mhíle uathu — sé sin na scoileanna i mBearna, i Móna Beag, i mBóthar na Trá agus scoileanna éagsúla atá lonnaithe ar fud cathair na Gaillimhe.
Tháinig roinnt de na tuismitheoirí le chéile chun na Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar agus shocraíodar Gaelscoil a bhunú — deis iontach í seo chun an Ghaeilge a chaomhnú, a fhorbairt agus a fheabhsú sa cheantar sin. Thabharfadh sé deis dá bpáistí chomh maith eolas, líofacht agus ábaltacht a bheith acu ina dteanga náisiúnta.
Tá tacaíocht ag an gcoiste ó Easpag na Gaillimhe, Séamas Mac Lochlainn, agus cheana féin tá 21 dalta ag freastal ar an scoil atá bunaithe acu agus atá ar shuíomh sealadach atá faighte acu ó cheann de na conraitheoirí a thóg na tithe sa cheantar. Tá múinteoir an-chumasach ar fad acu ón fíor-Ghaeltacht agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta sa scoil.
Tá an dea-shampla agus an dea-mhéin don Ghaeilge léirithe ag an gcoiste sealadach seo — sé sin an coiste a bhunaigh an scoil. An rud is mó atá ag teastáil anois ná aitheantas oifigiúil ón Roinn don scoil mar Ghaelscoil agus don mhúinteoir atá ceapaithe. Is cinnte go mbeidh fás mór ar líon na ndaltaí nuair a bheidh fios dearfa ag na tuismitheoirí go bhfuil aitheantas ag an scoil mar Ghaelscoil.
Níl an scoil seo ag freastal ar pháistí ón fíor-Ghaeltacht. Is í an Béarla teanga labharta beagnach gach teach i gCnoc na Cathrach — suas le 95 faoin gcéad díobh ar aon nós.
Ach tá bá i measc na dtuismitheoirí ansin don Ghaeilge agus teastaíonn uathu go mbéadh ábaltacht, eolas agus líofacht sa teanga ag a bpáistí. Tá siad den tuairim gurb é an tslí is fearr chun sin a bhaint amach ná go mbeadh na páistí ag freastal ar Ghaelscoil, sé sin scoil ina mbeadh gach ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge agus gurb í an Ghaeilge a bheadh fite fuaite trí clár na scoile.
Tá na tuismitheoirí agus an coiste sealadach ag iarraidh aitheantas a fháil don scoil mar fhíor-Ghaelscoil agus tá súil agam go mbeidh an tAire in ann sin a chur in iúl dúinn. Muna bhfuil sé in ann sin a chur in iúl dúinn anocht tá súil agam ar a laghad go ndéanfaidh sé an cheist seo a scrúdú go géar agus go mbeidh sé bá úil don iarratas agus go mbeidh deascéal uaidh go luath.