Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh as ucht an deis a fháil an cheist thábhachtach seo a ardú. Is scoil trí oide i Scoil na hAirde Thiar atá suite ar an gcuid thiar de Charna. Is ceantar é, aisteach go leor, in a bhfuil an pobal scoile ag méadú seachas ag laghdú. Is maith an scéal é sin agus tá cuid mhaith den bhuíochas ag dul don bhforbairt atá déanta ar thionscal na feilméarachta éisc. Ach má tá an pobal ag méadú níl cóiríocht sásúil scoile ann chor ar bith. I láthair na huaire tá 70 scoláire idir bhuachaillí agus chailíní ag freastal ar Scoil na hAirde Thiar. Dhá sheomra ranga atá sa scoil agus sé an tomhais atá ar sheomra ná 18 dtroithe faoi 18 dtroithe. Tá an tríú rang á mhúineadh i halla beag sa scoil agus siad na tomhais atá ansin ná 18 dtroithe faoi naoi dtroithe. Sin tomhais níos lú ná mar atá sa seomra suite i ghnáth theach cónaithe.
Tá múinteoirí ag iarraidh múineadh in áit beag bídeach suarach nach bhféadfadh éinne múineadh ann. Freisin, le duló sheomra amháin go dtí seomra eile, le dul ón seomra sa lár amach go dtí an clós caithfidh tú dul trí ceann de na seomraí ranga. Anuas ar sin, le dul ón halla, atá in úsáid mar sheomra ranga, go dtí na leithris, caithfidh na scoláirí dul trí dhá seomra ranga. Anuas air sin ar ndóigh, bíonn ar na múinteoirí feabhais, múinteoirí ceoil agus mar sin de, ranganna a thógáil i gceann de sheomraí ranga na scoláirí. Freisin, tá trí leithreas sa scoil, ceann amháin do na buachaillí, agus péire do na cailíní. Is é sin go bhfuil leithreas amháin don 35 bhuachaill agus dhá leithreas idir 35 chailín.
Tuigtear dom go bhfuil tuairiscintí faighte ag an Roinn don tógra seo agus go ndearnadh tairiscint go gcuirfí dhá sheomra réamh-dhéanta ar fáil. Níl sé seo sásúil chor ar bith. Scoil í seo a tógadh sa chéad seo caite, sa 19ú aois. Caithfidh mé a rá, ar chuairt dom ar an scoil, gurb í seo an scoil ba mheasa dá bhfaca mé riamh, agus an scoil ba lú chóiríocht don uimhir scoláirí ata ann. Tá sé gar don fharraige in áit fhiáin; níl aon mhaith a bheith ag caint ar sheomraí réamh-dhéanta ansin. Rinne údaráis na scoile tairiscint go dtí an Roinn tamall ó shin go rabhadar sásta an t-airgead áitiúil, suas agus anuas le £6,000, a chur ar fáil láithreach don Roinn. Dúirt siad leis an Roinn go mbeidís sásta dul ar aghaidh le tógáil láithreach ar an gcoinníoll go gcaithfí i mbliana an t-airgead a bhíothas sásta a chur ar fáil le haghaidh na seomraí réamh-dhéanta agus go gcuirfí fuíollach an airgid ar fáil i 1994 leis an jab a chríochnú.
I gcomhthéacs na scoile b'fhacthas domsa go mba tairiscint an-réasúnta é sin. Tuigtear dom gurb é costas iomlán na scéime seo ná thart ar £40,000. Le haghaidh scoil den mhéid seo, le haghaidh an uimhir seo daltí, le haghaidh scoil nach bhfuair airgead riamh ón Stát seo ó bunaíodh é, feictear dom gur beag an méid é sin le cur ar fáil do scoil bheag Ghaeltachta a bhfuil cóiríocht chomh míshásúil sin ar fáil ann.
Mar sin iarraim ar an Aire breathnú go fíor-bháúil ar an gcás seo agus cead a thabhairt láithreach dul ar aghaidh le tógáil an chéid chuid den togra seo ar an tuiscint go gcríochnófar é i 1994. Ní féidir an rud seo a fhágáil ar an méar fhada agus tá sé in am anois go mbeadh gníomh ar an togra seo.