Michael McDowell
Question:13 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh na húdaráis áitiúla i gceannas as seo amach ar riarachán scéim na mbóithre áise.
Vol. 435 No. 5
13 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh na húdaráis áitiúla i gceannas as seo amach ar riarachán scéim na mbóithre áise.
Donegal South-West): Is iad na Comhairlí Contae go hiondúil a dhéanann an obair fheabhsúcháin ar na bóithre tar éis do mo Roinnse deontais a cheadú ina leith. Níl aon athrú beartaithe ar an nós imeachta sin.
Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim ag an Aire, mé féin agus an Roinn agus tógfar moltaí éagsúla san áireamh, moladh an Teachta ina measc, san athbhreithniú sin.