Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Stiúideó Teilifíse — Gaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

33 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé tacaíocht don éileamh ó Ghaeltacht Dhún na nGall, áit ina bhfuil sé chomhlacht neamhspleácha de léiritheoirí teilifíse lonnaíthe, stiúideó iomlán teilifíse a chur ar fáil ann.

Donegal South-West): Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil scrúdú cuimsitheach ar siúl acu i láthair na huaire d'fhonn riachtanais éagsúla an tionscal closamhairc i gcoitinne sa Ghaeltacht a aithint agus d'fhonn moltaí a dhéanamh maidir leis na céimeanna gur cheart a ghlacadh chun an tionscal a fhorbairt tuilleadh. Is féidir a bheith cinnte de go dtabharfar aird ar riachtanais Ghaeltacht Dhún na nGall sa scrúdú sin.

Táim ag glacadh leis gur áis do léiritheoirí neamhspleácha dhéantús físeán chun a chur ar a gcumas a gcuid oibre a chríochnú atá i gceist ag an Teachta.

Top
Share