Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Written Answers. - Droichead Nua — Contae na Gaillimhe.

Mary Harney

Question:

34 D'fhiafraigh Miss Harney den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeidh sé sásta deontas a chur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun droichead nua a thógáil ag Inis Ní, Cloch na Rón, Contae na Gaillimhe.

Donegal South-West): Bheadh costas oll-mhór, measta ag £600,000 i 1983, ag baint le droichead nua a thógáil ag Inis Ní. Níl ach suim £200,000 ar fáil do mo Roinnse i mbliana le caitheamh ar bhóithre sna limistéir Ghaeltachta go léir agus tuigfear uaidh sin nach bhféadfadh mo Roinnse freastal ar an gcás seo.

Tá iarrtha agam ar an Aire Comhshaoil, áfach, féachaint isteach sa scéal féachaint an bhfuil aon fhoinse airgid ar fáil dó as a bhféadfaí cúnamh speisialta a chur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun a chumasú di cibé obair atá riachtanach a dhéanamh ag an láthair seo.

Top
Share